Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/17

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
Caib. III. 13
7
MAITIÚ

13[1]Ansan do tháinig Íosa ó Ghaililí go dtí an Iórdan, ag triall ar Eóin, chun go mbaistfeadh Eóin é. 14Ach bhí Eóin ’ghá chosg, agus deireadh sé: Is dómh-sa is gádh baiste dh’fhágail uait-se; agus tusa ag teacht ag triall orm-sa? 15Agus d’fhreagair Íosa é agus dubhairt sé leis: Leig liom anois, óir is mar seo is cóir dúinn gach [2]fíoraontacht do chómhlíonadh. Ansan do ghéill sé dhó. 16Agus nuair a bhí Íosa baistithe tháinig sé aníos as an uisge láithreach; agus féach, do h‑osgaladh na flathais dó, agus chonaic sé Spioraid Dé ag teacht anuas i riocht colúir agus ag túirliocan air. 17[3]Agus féach, guth as na flathais adubhairt: Isé seo mo mhac dílis ar a bhfuil mo ghreann.



CAIBIDIOL IV.

Trosgadh Chríost ar feadh dachad lá.—Fromhadh á dhéanamh air—É ag tosnú ar sheanmóiniú; ar a dheisgiobuil do ghlaodhach chuige; agus ar mhírbhúiltíbh a dhéanamh.

1Ansan do sheól an Spioraid Íosa isteach sa bhfásach chun go gcurfaí cath air ó’n ndiabhal. 2Agus nuair a bhí trosgadh déanta aige ar feadh dachad lá agus dachad oidhche, ansan do tháinig ocras air.

3Agus tháinig an t‑Áirseóir agus dubhairt sé leis: Má’s tu Mac Dé órduigh arán a dhéanamh des na clochaibh sin. 4Agus dubhairt seisean ’ghá fhreagradh: Tá sgríobhtha: [4]Ní h‑ar arán amháin a mhaireann an duine, ach ar an uile fhocal d’á dtagann ó bhéal Dé. 5Ansan do thóg an t‑Áirseóir leis é isteach sa chathair naomhtha, agus chuir sé ’n‑a sheasamh ar spuaic an teampuill é. 6Agus dubhairt sé leis: Má’s tu Mac Dé caith thu féin le fánaidh. Óir tá sgríobhtha: [5]Mar go dtug sé órdú d’á aingealaibh ad’ thaobh, agus glacfaid siad ’n‑a lámhaibh thu sar a mbuailfá do chos i gcoinnibh cloiche.

  1. Marc. i. 9.
  2. .i. gach dlígh a bhaineann le fíoraontacht.
  3. Marc. i. 11; Lúc. ix. 35; 2 Pead. i. 17.
  4. Deut. viii. 3.
  5. Salm xc. 11.

2