[1]Deinidh aithrighe, óir tá rígheacht na bhflathas buailte libh.[* 1] 3Óir sin é an t‑é ar ar labhair Isáias Fáidh nuair adubhairt sé: [2]Guth duine ag glaodhach sa bhfásach, Ollamhuighidh an tslígh do’n Tighearna; deinidh a bhóithre do dhíriú dhó. 4Agus isé éadach a bhí ar Eóin ná éadach déanta de ruainneach camal, agus crios leathair ar a chom; agus isé bia a bhí aige ’ná lócuistí agus mil fhiain. 5[3]Agus bhí Ierúsalem ag dul amach ag triall air an uair sin, agus Iúdaéa go léir, agus an dúthaigh go léir tímpal ar an Iórdan. 6Agus bhí sé ’ghá mbaiste sa n‑Iórdan agus iad ag déanamh faoísdine i n‑a bpeacaíbh.
7Agus chonaic sé mórán des na Fairisínigh agus des na Sadducíneachaibh ag teacht chun an bhaiste chuige, agus dubhairt sé leó: A shliocht na n‑aithreach nimhe, cé chuir ar bhúr súilibh daoíbh-se an fhearg atá chúghaibh do sheachnadh?[* 2] 8Má’s eadh tugaidh toradh uaibh a bheidh do réir na h‑aithrighe. 9Ná h‑abraidh i n‑bhúr n‑aigne: Tá Ábraham i n‑a athair againn; óir deirimse libh gur féidir do Dhia clann a dhéanamh d’Ábraham des na clochaibh sin. 10Tá an tuagh cheana féin ar phréimh na gcrann. Agus gach crann ná tabharfaidh toradh fóghanta uaidh leagfar é agus curfar sa teine é. 11Táim-se ag bhúr mbaiste le h‑uisge chun aithrighe, ach an t‑é atá ag teacht am’ dhiaidh is cómhachtaíghe é ’ná mise, agus ní fiú me go ndéanfainn a bhróga d’iompar; baistfidh sé sin sibh leis an Spioraid Naomh agus le teine. 12Tá a ghléas cáithte i n‑a láimh aige, agus glanfaidh sé a úrlár buailte, agus cruinneóchaidh sé a chuid cruithneachtan isteach sa sgioból, agus loisgfidh sé an lóchán le teine nach féidir a mhúchadh.
- ↑ Marc. i. 4; Lúc. iii. 3.
- ↑ Isáias xl. 3.
- ↑ Marc. i. 5.
- ↑ Ver. 2. “Deinidh aithrighe,” poenitentiam agite, μετανοεῖτε, do réir na h‑úsáide a deintear de’n fhocal san sa Sgríbhinn Diadha agus i sgríbhinníbh na n‑atharach naomhtha, cialluigheann sé, ní h‑amháin aithríghe agus leasú beatha, ach fós pionós, agus oibreacha trosgaidh, agus fulag trioblóidí, mar shásamh ins na peacaibh a deineadh.
- ↑ Ver. 7. “Fairisínigh agus Sadducínigh.”—Dhá aicme iad san a bhí ameasg na n‑Iúdach, agus lucht fíll ab eadh an chéad aicme acu; agus daoíne nár chreid ach an rud a thaithn leo féin ab eadh an tarna h‑aicme.