chuige iad. 22Agus gan mhoill d’fhágadar ansan na líonta agus a n‑athair, agus do leanadar é.
23Agus do ghluais Íosa mór-thímpal Ghaililí go léir, ag teagasg ins na sinagógaibh, agus ag craobhsgaoileadh soisgéil na [1]rígheachta, agus ag leigheas gach galair agus gach breóiteachta d’á raibh ar dhaoine. 24Agus do leath a chlú ar fuid Siria go léir, agus do tugadh ag triall air na daoine go léir a bhí as a sláinte, gabhtha le galaraibh agus le piantaibh, agus daoine go raibh deamhain ionta, agus daoine a bhí as a meabhair, agus daoine a bhí gan lúth, agus do leighis sé iad. 25Agus do lean sluaighte móra é a Gaililí agus a Decapolis agus a Ierúsalem, agus ó’n dtaobh thall de Iórdan.
CAIBIDIOL V.
Seanmóin Chríost ar an gcnoc. Na h‑ocht mbiatí.
1Agus nuair a chonaic sé na sluaighte chuaidh sé suas ar an gcnoc, agus nuair a shuidh sé ann tháinig a dheisgiobuil ag triall air. 2Agus d’osgail sé a bhéal agus do theagaisg sé iad, agus dubhairt sé:
3Is aoibhinn dos na bochtaibh sa spioraid, mar is leó san rígheacht na bhflathas.[* 1]
4Is aoibhinn do lucht ceannsachta, mar isiad a gheóbhaidh seilbh na talmhan.
5Is aoibhinn do lucht dubróin, mar isiad a gheóbhaidh sólás.
6Is aoibhinn do’n mhuintir go bhfuil ocras agus tart chun fióraontachta ortha, mar ’s iad a gheóbhaidh a sáith.
7Is aoibhinn do lucht na trócaire dhéanamh, mar isiad a gheóbhaidh trócaire.
8Is aoibhinn do lucht an chroidhe ghlain, mar isiad a gheóbhaidh radharc ar Dhia.
- ↑ .i. rígheachta na bhflathas, .i. Soisgéal an chreidimh a bhí le cur ar bun aige.
- ↑ Ver. 3. “Na bochtaibh sa spioraid,” .i. na daoine a bhíonn úmhal agus na daoíne ná bíonn dúil a gcroidhe, nú a spioraide, i saidhbhreas acu.