Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/20

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
10
Caib. V. 9
MAITIÚ

9Is aoibhinn do lucht na síothchána dhéanamh, mar is ortha tabharfar clann Dé.

10Is aoibhinn do’n mhuintir a dh’fuilingeann crádh ar son fióraontachta, mar is leó san rígheacht na bhflathas.

11Is aoibhinn daoibh-se nuair a déanfar spídiú oraibh agus ciapadh, agus an uile shaghas tromaidheachta éithigh, mar gheall orm-sa; 12Bíodh móráil agus gáirdeachas oraibh, mar is mór é bhúr luacht-saothair ins na flathais; óir sin mar a ciapadh na fáidhe rómhaibh.

13Is sibh-se salann na talmhan. [1]Ach má théigheann an salann i leamhas conus a déanfar salann airís de? Ní’l de mhaith ann feasta ach go gcaithfí amach é agus go ngeóbhfaí do chosaibh daoine ann. 14Is sibh-se solus an domhain. Cathair ar chnoc ní féidir í dh’fholachadh. 15Ní lastar coinneal chun í chur fé bhéal árthaigh, ach chun í chur ar choinnleóir, chun go dtabharfadh sí solus d’á bhfuil sa tigh. 16Lasadh bhur solus-sa ar an gcuma san os cómhair daoine, [2]i dtreó go bhfeicfid siad bhúr ngníomhartha fóghanta agus go molfaid siad bhúr n‑Athair atá ins na flathais.


17Ná measaidh gur chun na dlíghe ná na bhfáidh do chur ar neamhnídh a thánag-sa. Ní chun iad do chur ar neamhnídh a thánag ach chun iad do chómhlíonadh.[* 1] 18Óir deirim libh go fírinneach, go dtí go dtéidh an spéir agus an talamh ar neamhnídh ná raghaidh aon ióta amháin ná aon phúnc amháin de’n dlígh ar neamhnídh, go dtagaidh a h‑iomláine chun cinn.[* 2] 19[3]An t‑é d’á bhrígh sin, a mhillfidh aithne des na h‑aitheantaibh sin is lúgha, agus do mhúinfidh na daoine mar sin, tabharfar air an t‑é is lugha i rígheacht na bhflathas; ach an t‑é choimeádfidh iad, agus do mhúinfidh [a gcoimeád] tabharfar duine mór air i rígheacht na bhflathas. 20Óir deirim libh mura mbeidh bhur

  1. Marc. ix. 49; Lúc. xiv. 43.
  2. 1 Pead. ii. 12.
  3. Séam. ii. 10.
  1. Ver. 17. “Do chómhlíonadh,” .i. ag cómhlíonadh na bhfigiúirí agus na dtargaireachtaí, agus ag beachtú gach a raibh neamhbheacht.
  2. Ver. 18. “Go fírinneach.”—‘Amen,’ atá sa Laidin, .i. “go deimhin,” “go fíor.” Focal Eabhraise iseadh “Amen” agus cimeádtar é le h‑úghdarás an cheathrair soisgéalaidhthe. Do labhair ár dTighearna an focal chun na fírinne do dheimhniú go láidir.