bhfíoraontacht-sa níos lionmhaire ’ná fíoraontacht na Sgríbhneóirí agus na bhFairisíneach ní raghaidh sibh isteach i rígheacht na bhflathas.[* 1]
21Chualabhair conus mar adubhradh leis na daoine a bhí ann fadó: [1]Ná dein marbhadh: Agus an t‑é dhéanfaidh marbhadh beidh sé ciontach do’n bhreitheamhantas.[* 2] 22Ach deirim-se libh, gach duine atá i bhfeirg le n‑a bhráthair beidh sé ciontach do’n bhreitheamhantas. An t‑é ámhthach [2]a déarfaidh le n‑a bhráthair, Raca, beidh sé ciontach do’n chómhairle. Agus an t‑é a déarfaidh, A amadáin, beidh sé ciontach cun teine ifrinn.[* 3] 23D’á bhrígh sin, má bhíonn tabharthas agat d’á thabhairt uait os cómhair na h‑altórach, agus go gcuimhneóchair go bhfuil rud éigin ad’ choinnibh agat’ bhráthair; 24Fág ansan do thabharthas os cómhair na h‑altórach, agus imthigh agus dein síothcháin led’ bhráthair, agus ansan tar agus bronn do thabharthas.
25[3]Réidhtigh le t’eascaraid go luath, an fhaid ataoí i n‑aonfheacht leis sa tslígh, le h‑eagla go dtabharfadh an
- ↑ Exod. xx. 13.
- ↑ .i. an t‑é dhéanfaidh táiriúghadh, nó tarcaisniú, ar a chómharsain.
- ↑ Lúc. xii. 58.
- ↑ Ver. 20. “Na Sgríbhneóirí agus na bhFairisíneach.”—Dochtúirí dlighe Mhaoise na Sgríbhneóirí. Aicme daoine a bhí ana chruinn ab eadh na Fairisínigh. Do glacaidís ortha an dlígh do chómhlíonadh go beacht, agus mar gheall air sin bhíodh meas ana mhór ag an bpobul ortha.
- ↑ Ver. 21. “Beidh sé ciontach do’n bhreitheamhantas,” .i. Beidh pionós tuillte aige o’n gcathaoír bheag, ar a dtugtí “an breitheamhantas,” agus go dtriailtí cúiseana do’n tsórd san os a cómhair.
- ↑ Ver. 22. “Raca,” focal ana-tharcuisneach, ana-fheargach, ab eadh an focal san. “Beidh sé ciontach do’n chómhairle”: .i. Beidh pionós tuillte aige ó’n gcúirt ab aoírde, an chúirt ar a dtugtí “an chómhairle” nú an “Sanhedrím.” I gcathair Ierúsalem a bhí an chúirt sin agus bhí seacht-ndeich-a-dó de bhreitheamhnaibh inti agus is os a cómhair a triailtí na cúiseana ba thruime agus a tugtí na breitheana ba thruime.
Ver. 22. “A amadáin.”—Bhí brígh ana tharcuisneach leis an bhfocal san nuair a labhartí é le droch-aigne agus le mailís. Mar gheall air sin iseadh do labharthar chómh dian anso air. “Beidh sé ciontach chun teine ifrinn.” “Beidh tuíllte aige é chaitheamh i nGehenna chun teine,” do réir na Gréigise. Dhein ar Slánuightheoir úsáid des na focalaibh sin chun pionóisí ifrinn do chur i gcéill.