Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/93

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
Caib. XXVII. 44
83
MAITIÚ

leis é: Óir dubhairt sé, Is mé Mac Dé. 44Agus na bitheamhnaigh a bhí céasda i n‑aice leis, thugadar an mhasla chéadna dhó.

45Agus ó’n sémhadh h‑uair tháinig doircheacht ar an ndomhan go léir go dtí an naomhadh h‑uair. 46Agus tímpal an naomhadh h‑uair do labhair Íosa do ghuth ana árd, agus dubhairt sé: [1]Élí, Élí, lamá sabactání? ’sé sin, A Dhia, a Dhia, cad uime gur thréigis mé? 47Agus bhí daoine ’n‑a seasamh ann agus d’airigheadar é, agus dubhradar: Tá sé sin ag glaodhach ar Élias. [2]48Agus do rith duine acu láithreach, agus d’aimsigh sé spúinse, agus thúm sé i bhfínéigir é, agus chuir sé an chleith é, agus thug sé le n‑ól dó. 49Agus dubhairt an chuid eile: leig dó; feiceam an dtiocfaidh Élias ’ghá shaoradh.

50Agus d’éighim Íosa airís do ghuth árd, agus thug sé a anam uaidh.

51Agus féach, do stracadh ’n‑a dhá chuid ó bhárr go bun brat an teampail; agus do luaisg an talamh, agus do sgoilt na caraigreacha; 52Agus do h‑osgaladh na h‑uaghna agus d’eirigh a lán de chorpaibh na naomh a chodail, 53Agus tar éis aiséirighthe dhó thánadar amach as na h‑uaghnaibh, agus thánadar isteach sa chathair naomhtha, agus chonaic a lán iad.

54An taoiseach céad, ámhthach, agus an bhuidhean a bhí ’n‑a theannta ag faire Íosa, nuair a chonacadar an luasgadh talmhan agus na neithe do thuit amach, tháinig eagla ana-mhór, ortha agus dubhradar: Go fíor dob’ é Mac Dé é sin.

55Agus bhí a lán ban ann abhfad amach, do lean Íosa ó Ghaililí ag friothálamh air: 56Ar a raibh Máire Mhagdalén, agus Máire, máthair Séamuis agus Ióseph, agus máthair clainne Sebedé.


57Agus nuair a bhí an tráthnóna ann tháinig duine saidhbhir, ó Arimatéa, dáf bh’ ainim Ióseph, agus duine de dheisgiobulaibh Íosa dob’ eadh é: 58Chuaidh an duine sin ag triall ar Phílát, agus d’iarr sé corp Íosa air. Ansan d’órduigh Pílát an corp a thabhairt dó. 59Do fuair Ióseph an corp, agus d’fhill sé i línéadach glan é, 60Agus chuir sé ’n‑a thuama nua féin é, a bhí gearrtha aige

  1. Salm xxi. 2.
  2. Salm lxviii. 22.