Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/80

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
70
Caib. XXIV. 35
MAITIÚ

tsliocht so go dtiocfaid na neithe seo go léir chun cinn. 35Raghaidh an spéir agus an talamh ar neamhnídh, ach ní raghaid mo bhréithre-se ar neamhnídh.[* 1]


36I dtaobh an lae sin, ámhthach, agus na h‑uaire sin, ní’l fios ag aoinne, dá mb’iad aingil na bhflathas féin iad, ach ag an Athair amháin. 37Óir mar a bhí i laethibh Nóe iseadh bheidh teacht Mhic an Duine. 38Mar a bhíodar ins na laethanta roimis an ndílinn ag ithe agus ah ól, ag pósadh agus ag tabhairt le pósadh, díreach go dtí an lá ’na ndeaghaidh Nóe isteach sa n‑arc, 39Agus ní raibh fhios acu go dtí go dtáinig an díle, agus gur rug sí chun siúbhail iad go léir; sin mar a bheidh teacht Mhic an Duine. 40Ansan beidh beirt i bpáirc: Tógfar duine agus fágfar duine. 41Beidh beirt bhan ag meilt le muileann: 42Tógfar bean agus fágfar bean. Deinidh faire, d’á bhrígh sin; mar ní fios daoibh cad é an uair a tiocfaidh bhúr dTighearna. 43Ach bhíodh fhios an méid seo agaibh, dá mbeadh fhios ag fear an tighe cad é an uair a bheadh an bitheamhnach le teacht, go deimhin do dhéanfadh sé faire, agus ní leigfeadh sé a thigh do bhriseadh isteach. 44D’á bhrígh sin, bídhidh-se, leis, ollamh, mar an uair nách eól daoibh ipeadh atá Mac an Duine le teacht.

45Cé h‑é, is dóigh leat, an seirbhíseach dílis, ciallmhar, a chuir a thighearna os cionn a mhuintire, chun bídh a thabhairt dóibh do réir aimsire? 46[1]Is aoibhinn do’n tseirbhíseach san, nuair a thiocfaidh a thighearna, má gheibheann sé é ag déanamh na h‑oibre sin. 47Go deimhin adeirim libh, cuirfidh sé os cionn a choda go léir é. 48Ach má deir an droch-sheirbhíseach san ’n‑a chroidhe féin: Tá mo thighearna ag déanamh ríghnis de theacht; 49Agus má dhírígheann sé ar a chómh-sheirbhíseacha do bhualadh, agus ar bheith ag ithe agus ag ól i bhfochair lucht meisge; 50Tiocfaidh tighearna an tseirbhísigh sin an lá nách dóigh leis, agus an uair nách eól dó; 51Agus deighilfidh sé é, agus ceapfaidh sé a chuid ameasg lucht fill: beidh sa n‑áit sin gol agus díoscán fiacal.

  1. Ver. 35. “Ragaidh... ar neamhnídh.” .i., atharófar iad i ndeire an tsaoghail agus déanfar neamh nua agus talamh nua dhíobh.
  1. Apoc. xvi. 15.