Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/44

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
34
Caib. XII. 50
MAITIÚ

do shín sé a lámh chun a dheisgiobul agus dubhairt sé: Féach, siniad mo mháthair-se agus mo bhráithre. 50Óir pé duine a dhéanfaidh toil m’Athar-sa atá ins na flathais, siné is bráthair agus siúr agus máthair agam-sa.



CAIBIDIOL XIII.

Parabal churadóra an chogail, agus parabal an tsíl-mhustáird, ⁊rl.


1Sa lá san chuaidh Íosa amach as an dtigh, agus bhí sé n‑a shuidhe ar bruach na faraige. 2Agus do chruinnigh sluaighte móra, i dtreó go ndeaghaidh sé ar bórd na luinge bige agus gur shuidh sé ínti, agus gur sheasaimh an tsluagh go léir ar an dtráigh. 3Agus do dhein sé a lán cainte leó i bhfuirm soluídí, agus dubhairt sé: Féach, do chuaidh síoladóir amach ag cur síl. 4Agus nuair a bhí sé ag cur an tsíl do thuit [1]cuid acu i n‑aice an bhóthair; agus tháinig éanlaithe an aeir agus d’itheadar iad. 5Agus do thuit cuid eile acu i n‑áit i n‑a raibh clocha agus ithir shuarach; agus d’fhásadar go luath, toisg gan doimhneas ithreach a bheith acu. 6Agus d’eirigh an ghrian agus do ghoill an teas ortha; agus toisg gan an phréamh a bheith acu d’fheóchadar. 7Agus do thuit cuid eile acu ameasg na sheach; agus d’fhás na sgeacha agus mhúchadar iad. 8Thuit cuid eile acu, ámhthach, ar thalamh fhóghanta; agus thugadar toradh, cuid acu fó chéad, cuid acu fó thrí fichid, cuid acu fó thríochad. 9An t‑é go bhfuil cluasa air chun éisteachta, éisteadh sé.

10Agus tháinig na deisgiobuil chuige agus dubhradar: Cad fá gur i soluídíbh a labhrann tú leó? 11Agus d’fhreagair sé agus dubhairt: Mar do tugadh daoibh-se eólus do chur ar rú nDiamhraibh rígheachta na bhflathas; do’n chuid eile, ámhthach, níor tugadh san. 12Óir an t‑é go bhfuil aige tabharfar dó, agus beidh flúirse aige; agus an t‑é ná fuil aige tógfar uaidh a bhfuil aige. 13Labhraim

  1. .i. cuid de sna gráinníbh.

    mháthair féin, ná go ndeineadh sí toil a Athar Shíoruidhe ins na flathais. Is féidir, leis, gur chuir an chaint i n‑iúil séanadh a ghaolta féin, .i. na n‑Iúdach, agus glacadh na ngeinte.