Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/54

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
44
Caib. XV. 37
MAITIÚ

mbulóga agus na h‑iasga, agus ghaibh sé buidheachas, agus do bhris sé iad, agus thug sé dos na deisgiobuil iad, agus thugadar-san do’n tsluagh iad. 37Agus d’itheadar go léir, agus bhí a ndóithin acu; Agus an bia briste do fágadh, do thógadar é i seacht gciseánaibh lána. 38Agus isé méid daoine a chaith bia ann ná cheithre mhíle duine, lasmuigh de mhiondaoinibh agus de mhnáibh.

39Ansan do chuir sé uaidh an tsluagh, agus chuaidh sé ar bórd na luinge bige, agus tháinig sé i gcríochaibh [1]Magedan.



CAIBIDIOL XVI.

Críost ghá dhiúltú cómhartha ó neamh a thaisbheáint dos na Fairisínigh. Admháil Pheadair agus a thoradh dhó; a imdheargadh mar gheall ar chur i n‑aghaidh páise Chríost. Ní foláir do chualacht Chríost uile iad féin do shéanadh.


1Ansan do tháinig chuige na Fairisínigh agus na Sadducínigh chun triail a bhaint as; agus d’iarradar air cómhartha ó neamh do thaisbeáint dóibh. 2Ach d’fhreagair seisean agus dubhairt sé leó: Deirthí-se um thráthnóna, Beid soinean ann, mar tá an spéir dearg; 3Agus ar maidin, Beidh stoirm ann, map tá an spéir ag deargadh go dorcha. Tá fhios agaibh conus gnúis na spéire do bhreithniú; agus nách féidir libh cómharthaí na h‑aimsire dh’aithint? 4Tá sliocht an uilc agus an adhaltranais ag lorg cómhartha; ach ní tabharfar de chómhartha dhóibh ach [2]cómhartha Iónais Fáidh. Agus d’fhág sé ansan iad agus d’imthigh sé.


5Agus nuair a tháinig a dheisgiobuil treasna na faraige, dhearmhadadar arán a thabhairt leó. 6Agus dubhairt sé leó: Féachaidh agus seachnaidh giost na bhFairisíneach agus na Sadducíneach. 7Agus dheineadar-san machtnamh ’n‑a n‑aigne, ’gha rádh, Níor thugamar arán linn. 8Agus bhí a fhios san ag Íosa, agus dubhairt sé: A dhaoine gan puínn creidimh, cad é an machtnamh so oraibh toisg gan arán a bheith agaibh? 9Ná fuil tuisgint agaibh

  1. Nó, Magdala.
  2. .i. Bás agus aiseirighe Chríost. Ión. ii. 1; et supra xii. 39.