Tighearna le m’ Thighearna, Suidh ar mo dheis, go gcuiread do namhaid mar fuairmín fé d’chosaibn? 45D’á bhrígh sin, má thugann Dáibhid a Thigearna air, conus atá sé ’n‑a mhac aige? 46Agus ní raibh oiread agus focal ag aoinne le rádh ’ghá fhreagra; agus ó’n lá san amach níor leómhaidh aoinne é cheisdiú a thuille.
CAIBIDIOL XXIII.
1Ansan do labhair Íosa leis an bpobul agus le n‑a dheisgiobuil,
2Agus dubhairt sé: Táid na Sgríbhneóirí agus na Fairisínigh suidhte i gcathaoir Mhaoise. 3D’á bhrígh sin pé rud a déarfaid siad libh a choimeád, coimeádaidh é agus deinidh é; ach na deinidh do réir a n‑oibreacha; óir deirid siad, agus ní dheinid siad. 4Óir ceangalaid siad ualaí troma do-iompuir, agus cuirid siad ar ghuailnibh na ndaoine iad; ach ní h‑áil leó féin oiread agus méar a chur ’ghá gcoruighe. 5Deinid siad gach obair leó, ámhthach, ionus go bhfeicfeadh na daoine iad; leathnuighid siad a bhfulactéirí agus méaduighid siad fabhraí a mbrat.[* 1] 6Is maith leó ceann cláir ag suidhe chun bídh dóibh, agus na suidhcháin uachtaracha ins na sinagógaibh. 7Agus fáiltiú dhóibh i n‑áit an mhargaidh, agus go dtabharfadh na daoine Rabbí ortha. 8Ach ná tugtar[1] Rabbí oraibh-se: óir is aoinne amháin atá ’n‑a Mháighistir oraibh, agus is bráithre sibh go léir. 9Agus
- ↑ .i. Ná loirgidh é, le h‑uabhar.
- ↑ Ver. 5. bhFulactéirí, .i., giotaí beaga meamruim agus na deich n‑aitheanta sgríobhtha ortha, agus iad d’á gcaitheamh agus na Fairisíneachaibh ar a n‑éadan, ag taisbeáint a bhfíoraontachta, mar go raibh “an dlígh os cómhair a súl i gcómhnuidhe.” Bhíodh na meamruim níba leithne ag na Fairisínigh ’ná ag daoinibh eile, ’ghá chur i n‑úil gur mhó an meas a bhí acu ar an ndlígh.