dubhradar. 24A Mháighistir, dubhairt Maois,[1] Má gheibheann duine bás gan sliocht, pósadh a dhritháir a bhean, ionus go dtógfadh sé sliocht d’á dhritháir. 25Bhí i n‑ár measg-ne mórsheisear drithár, agus do phós an chéad duine acu bean, agus fuair sé bás, agus toisg gan sliocht a bheith air, d’fhág sé a bhean agá dhritháir; 26Mar an gcéadna an tarna duine acu, agus an trímhadh duine, gur ráinig an seachtmhadh duine. 27I n‑a ndiaidh go léir fuair an bhean bás. 28Sa n‑aireirighe, ámhthach, cé’cu de’n mhórsheisear gur leis í? mar, bhí sí acu go léir. 29D’fhreagair Íosa, agus dubhairt sé leó: Táthaoi ag dul amú’ toisg gan eólus a bheith agaibh ar an Scriptiúir ná ar chómhachtaibh Dé. 30Óir sa n‑aireirighe ní pósfar ná ní tabharfar le pósadh, ach beid siad cosmhail le h‑aingealaibh Dé ar neamh. 31Ach, i dtaobh aiseirighe na marbh, nár léigeabhair an rud adubhairt Dia, mar a ndeir sé libh: 32[2]Is mise Dia Abrahaim, agus Dia Ísaaic agus Dia Iácóib? Ní Dia do dhaoinibh marbha Dia, ach do dhaoinibh beó. 33Agus nuair a dh’airigh na daoine é bhíodar ag déanamh iongna d’á theagasg.
34Nuair airigh na Fairisínigh nár fhág sé focal le rádh ag na Sadducínigh, thánadar i bhfochair a chéile; 35Agus cheistigh duine acu é, ollamh sa dlígh, ag baint trialach as, agus dubhairt: 36A Mhaighistir, cad í an aithne mhór sa dlígh? 37Dubhairt Íosa leis:[3] Grádhfaidh tú do Thighearna Dia ó d’chroidhe go h‑iomlán, agus ó d’anam go h‑iomlán, agus ó d’aigne go h‑iomlán. 38Siní an aithne is mó, agus isí an chéad aithne í. 39Agus tá an tarna h‑aithne cosmhail léi:[4] Grádhfaidh tú do chómharsa mar thu féin. 40Tá an dlígh go léir agus na fáidhe ag seasamh ar an dá aithne sin.
41Bhí na Fairisínigh cruinnighthe i bhfochair a chéile, agus do cheisdigh Íosa iad, 42Agus dubhairt sé: Cad a thuigeann sibh-se i dtaobh Chríost? Cé ’ro mac é? Agus dubhradar leis: Mac Dáibhid. 43Dubhairt sé leó: Ma ’seadh, cad uime go dtugann Dáibhid, sa spioraid, a Thighearna air, mar a ndeir sé: 44[5]Dubhairt an