Page:Gníomhartha na n-Aspol.djvu/89

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
Caib. XXVIII. 7
369
Gníomhartha na n‑Aspol

7Sa n‑áit sin iseadh bhí talamh an fhir a bhí n‑a cheann ar an oileán. Publius ab ainim dó. Do ghlac sé sinn agus chuir sé cóir orainn go fial ar feadh trí lá. 8Agus do thárla go raibh athair Phublius ’n‑a luighe le h‑éagcruas agus le teinneas cuirp. Chuiadh Pól isteach ag triall air agus dhein sé guidhe ar a shon agus chuir sé a lámha air agus do leighis sé é. 9Ansan, gach a raibh de dhaoine ar an oileán go raibh gearánta ortha thánadar agus do leigh­iseadh iad. 10Agus thugadar onóir mhór dúinn, agus nuair a bhíomair chun dul ar luing thugadar dúinn na neithe a bheadh ríacht­anach dúinn.


11Tar éis trí mhí do ghluaiseamair, ar luing Alecsan­dínigh a bhí tar éis an gheímh­ridh a chaith­eamh ag ah oileán. Agus na Castóirí an suath­antas a bhí uirthi. 12Agus thánamair go Suracúsa agus d’fhanamar trí lá ann. 13Ó’n áit sin do sheól­amair tímpal fan na tíre agus thanamair go dtí Régium, agus tar éis aon lae amháin do shéid an ghaoth andeas agus thánamair go Puteolí. 14Fuaramair bráithre sa n‑áit sin agus d’iarradar orainn fanmhaint ’n‑a bhfochair agus d’fhanamair seacht lá. Agus ansan thánamair go dtí an Róimh. 15Agus as san, nuair airigh na bráithre é, do chruinn­íghdar chúghainn go Forum Appiuis agus chun na dTrí dTabh­airne, agus nuair a chonnaic Pól iad thug se buidhchas do Dhia agus tháinig misneach dó.

16Agus nuair a bhíomair tagaithe chun na Rómha do tugadh cead do Phól fanmhaint i n’áit chómh­nuighthe féin agus fear cimeádta, armtha, i n’fhochair.

17Ansan, tar éis an trímhadh lae, do ghlaoid sé chuige maithe na nIúdach. Nuair a thánadar i bhfochair a chéile dubhairt sé leó: A fheara, a bhráithre, do tugadh mise gabhtha, ó Ierúsalem, i lámhaibh na Rómhánach, agus gan aon nídh agam ’á dhéanamh i gcoinnibh na ndaoine ná i gcoinnibh nós ár sínsear. 18Do thrial­adar me agus bhíodar chun me leogaint saortoisg ná fuaradar aon chúis bháis ionam. 19Ach do chuir na Iúdaígh ’n‑a choinnibh sin i dtreó go mb’ éigin dom Caesar do ghairm, agus ní h‑amhlaidh a bhí aon nídh agam le cur i leith mo náisiúin