Page:Gníomhartha na n-Aspol.djvu/88

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
368
Caib. XXVII. 41
Gníomhartha na n‑Aspol

seól mór chun na gaoithe agus do ghluais­eadar leis an bhfaraige, ach do stiúr­uighdar í fé dhéin na trágha. 41Do thuit­eamair isteach i n‑áit a bhí idir dhá fharaige agus do buaileadh an long uim thalamh i dtreó go raibh a tusach daingean agus gur bhris neart na faraige a deire.

42Ansan do mheas na saigh­diúirí na príosúnaigh a chur chun báis le h‑eagla go snámhfadh cuid acu agus go n‑imtheóchaidís. 43Ach ní leogfadh an taoiseach céad dóibh é, mar theast­uigh uaidh Pól do bhreith saor, agus d’órduigh sé do’n mhuinntir go raibh snámh acu iad féin do chaith­eamh amach ar dtúis agus iad féin a shábháil agus dul i dtír. 44Agus do rugadh an chuid eile amach, cuid acu ar chlár­achaibh agus cuid acu ar neithibh a bhain leis an luing. Agus mar sin do thárla go ndeagh­aidh gach duine acu beó amach ar an dtalamh tirim.


Caibiol XXVIII.

Pól i Melita ar feadh trí mhí. A tha steal airís ar an bhfaraige. A teacht chun na Rómha. A chómhrádh leis na Iúdaígh a bhí sa chathair.

1Agus ansan nuair a bhíomair tar éis dul slán fuaramair amach gur Melita a tugtí ar an oileán. Do ghlac na daoine iasachta san go ceannsa sinn. 2Do lasadar teine agus chuir­eadar compórd orainn, mar bhí fear­thainn ag teacht agus bí fuacht ann. 3Ansan bhí Pól tar éis rainnt adhmaid chrín do bhailiú agus do chur ar an dteine, agus do léim athair nimhe, ag teithe ó’n dteas, agus do rug sí ar láimh air. 4Nuair a chonnaic na daoine iasachta an phiast ar sile as a láimh dubhradar le n‑a chéile: Is amhlaidh a mhairbh sé duine agus bíodh go dtáinig sé saor ó’n bhfaraige ní leogtar beó ó’n ndíoltas é. 5Ansan do chroth seisean an phíast isteach sa teine agus ní raibh aon díobháil déanta dhó. 6Ach mheasadar go dtus­nóchadh sé ar at agus go dtuit­feadh sé marbh gan mhoill. Bhíodar ag feitheamh leis sin, ach nuair a chonna­cadar ná raibh aon nídh ag imtheacht air d’athar­uighdar a n‑aigne agus dubhradar gur dhia éigin é.