Page:Gníomhartha na n-Aspol.djvu/87

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
Caib. XXVII. 25
367
Gníomhartha na n‑Aspol

bronnta ag Dia ortsa. 25D’á bhrígh sin glacaidh mis neach, a fheara; óir creidim-se ó Dhia, fé mar a dubhradh liom, gur mar sin a bheith. 26Ach ní foláir dúinn dul isteach ar oileán áirithe.

27Ach nuair a tháinig an ceathrmhadh oidhche déag orainn agus sinn ag imtheacht sa n‑Adria tímpal an mheadhon oidhche, mheas na máirnéal­aigh go bhfeac­adar tír éigin. Do leoghadar síos an luadh agus fuaradar fiche feádh ar doimhneas, agus nuair a dhruid­eadar tamall beag ó’n áit sin fuaradar chúig feádh dhéag. 29Bhí eagal ortha go raighmís i n‑áit gharbh agus chuir­eadar amach cheithre h‑ancairí ó’n stiúir, agus b’é b’fhada leó go mbeadh sé ’n‑a lá. 30Ansan do mheas na máirnéal­aigh teithe as an luing. Do leogadar síos an bád, mar dh’eadh gur theast­uigh uatha ancairí chur amach ó thusach na luinge. 31Ach dubhairt Pól leis an dtaois­each céad agus leis na fir armtha: Mura bhfanaid siad san sa luing ní féidir daoibh-se dul slán. 32Ansan do ghearr na saigh­diúirí téada an bháid agus do leogadar dó tuitim sa n‑uisge.

33Agus nuair a thusnuigh an solus ar theacht d’iarr Pól ortha go léir bia chaith­eamh, agus dubhairt sé: Sidé an ceathr­mhadh lá déag agaibh ag feitheamh agus sibh i nbhúr dtrosgadh, gan aon nídh a thógaint. 34D’á bhrígh sin iarraim oraibh anois bia do chaith­eamh ar son bhúr sláinte, óir ní caillfar oiread agus ruibe gruaige de cheann aon duine agaibh. 35Nuair a bhí am méid sin ráidhte aige do thóg sé arán agus ghaibh sé buidhchas le Dia os a gcómhair go léir, agus bhris sé an t‑arán agus chrom sé ar ithe. 36Ansan tháinig suaimh­neas aigne ortha go léir agus thógadar an bia. 37Dá chéad duine agus sé dhuine dhéag a’s trí fichid againn iseadh a bhí sa luing ar fad. 38Nuair a bhí a ndóthin bídh ithte acu chaith­eadar an chruith­neacht amach sa bhfaraige chun na luinge d’éadtromú.

39Ansan, nuair a bhí sé ’n‑a lá, níor aithnighdar an tír. ach thugadar fé ndeara bléin ’na raibh tráigh inti agus cheapadar, d’á mb’ fhéidir é, go sádh­faidís an long isteach inti. 40Ansan do thógadar na h‑ancairí agus do sguradar na stiúir­eana agus d’árd­uighdar an