Page:Gníomhartha na n-Aspol.djvu/90

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
370
Caib. XXVIII. 20
Gníomhartha na n‑Aspol

féin. 20Siné cúis n‑ar iarras sibhse a dh’fheisgint agus labhairt libh. Mar gheall ar an ndóchas atá i n‑Israél iseadh atá an slabhra so casta ormsa. 21Agus dúbhradar-san leis: Ní bhfuar­amair-ne litreacha ad thaobh ó Iúdaéa, ná níor tháinig aoinne de sna bráith­ribh ag innsint ná ag labhairt aon droch-nídh ad thaobh. 22Ach iarraimíd ort a dh’innsint dúinn cad is dóigh leat; óir i dtaobh na h‑aicme seo, is eól dúinn go bhfuil­tear ag gabháil ’n‑a gcoinnibh ins gach aon bhatt.

23Ansan do cheapadar lá dhó, agus tháinig a lán acu go dtí an lóisdín chuige, agus do mhínigh sé dhóibh rígheacht Dé agus thug sé fiadh­nuise dhóibh air. Agus bhí sé ó’n maidin go dtí an tráthnóna ag cur ’n‑a luighe ortha i dtaobh Íosa, a’ dlighe Mhaoise agus as na fáidhibh. 24Agus do chreid cuid acu ins na neithibh a dubhradh, agus bhí cuid acu, ámhthach, nár chreid. 25Agus bhíodar ag imtheacht gan bheith ar aon-aigne, i dtreó go ndubhairt Pól an t‑aon fhocal amháin: Is maith adubhairt an Spioraid Naomh é le n‑ár n‑aith­reachaibh tré bhéal an fháidh Isáias, 26Mar a ndeir sé: [1]Imthigh ag triall ar an bpobul san agus abair leo: Cloisfidh sibh leis an gcluais agus ní thuigfidh sibh, agus chídhfidh sibh leis an súil agus ní thabhar­faidh sibh fé ndeara; 27Óir tá croidhe an phobuil seo tuitithe i bhfeóil, agus le n‑a gcluas­aibh dhein­eadar éisteacht dhúr, agus do dhúnadar a súile, le h‑eagla go bhfeic­fidís le n‑a súilibh agus go n‑aireóch­aidís le n‑a gcluas­aibh agus do dtuig­fidís le n‑a gcroidhe agus go n‑iompóch­aidís agus go slánóch­ainn iad. 28Dá bhrígh sin bíodh agaibh fios an méid seo, go bhfuil an slánú so ó Dhia d’á chur ag triall ar na Geintibh, agus éistfid siad leis. 29Nuair a bhí an méid sin ráidhte aige d’imthigh na Iúdaígh amach uaidh, agus aighneas mór acu eatartha féin.

30Ansan d’fhan sé dhá bhliain ar fad ’n‑a thigh féin, agus ghlac sé gach aoinne do tháinig ag triall air. 31Agus rígheacht Dé aige ’á chraobh­sgaoile, agus é ag múine na neith a bhaineann leis an dTigh­earna Íosa Críost le lán-mhisneach agus gan chosg.

  1. Isaias vi. 9; Mait. xiii. 14; Marc. iv. 12; Lúc. viii. 10; Eóin xii. 40; Rómh. xi. 8.