Page:Gníomhartha na n-Aspol.djvu/15

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
Caib. II. 44.
295
Gníomhartha na n‑Aspol

deineadh mórán eile mír­bhúiltí agus soluídí tré sna h‑Aspoil i n‑Ierúsalem, agus bhí eagla mór ar na daoine go léir. 44Agus gach ar chreid bhíodar i bhfochair a chéile agus nach nídh coitchian acu. 45Do dhíol­aidís amach a sealbhas agus a maoin agus do rainnidís é ar an mbuidhin go léir fé mar a bhíodh gádh ag aoinne leis. 46Agus d’fhanaidís do thoil a chéile sa teampul gach lá, agus ag brise aráin ó thigh go tigh, do chaith­idís a gcuid bídh i n‑áthas agus i [* 1]n‑aoine croidhe, 47Agus iad ag moladh Dé agus báidh ag na daoine go léir leó. Agus bhí an Tighearna, i n‑aghaidh an lae, ag méadú na buidhne a bhí le sábháil.


Caibidiol III.

An mhír­bhúilt a deineadh ar an bhfear a bhí bacach, tré n‑ar h‑iompuígh­eadh a lán.

1Agus bhí Peadar agus Eóin ag dul suas sa teampul chun úrnuigh­the an naomhadh tráth. 2Agus bhí duine áirithe a bhí ’n‑a mairtí­neach ó bhroinn a mháthar, agus bítear ’gha iompar. Do curtí gach lá é ag geata an teampuil, ag an ngeata ar a dtugtí an geata Áluinn, ionus go n‑iarrfadh sé déirc ar an muinntir a bheadh ag dul isteach sa teampul. 3Chonnaic sé Peadar agus Eóin agus iad chun dul isteach agus d’iarr sé ortha déirc a thabhairt dó. 4D’fhéach Peadar air, ámhthach, mar aon le h‑Eóin, agus dubhairt sé leis: Féach orainn. 5D’fhéach seisean ortha ag súil go bhfaghadh sé rud éigin uatha. 6Dubhairt Peadar: Ní’l airgead agam ná ór, ach an nídh atá agam bheirim duit é. I n‑ainim Íosa Críost Nasareit eirig agus siubh­luigh; 7Agus do rug sé ar láimh dheis air agus thóg sé suas é, agus do chruadar a throigh­the agus a bhuinn láith­reach. 8Agus bhí sé ag léimrig agus as seasamh agus ag siubhal, agus chuaidh sé i n‑aon­fheacht leo isteach sa teampul agus é ag siubhal agus ag léimrig agus ag moladh Dé. 9Agus chonnaic na daoine go léir é ag siubhal agus ag moladh Dé. 10Agus d’aith­-

  1. aoine, .i. simpli­citas, ón bhfocal “aon.”