Page:Gníomhartha na n-Aspol.djvu/40

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
320
Caib. XI. 6
Gníomhartha na n‑Aspol

tháinig támhnéal orm agus chonnac aisling, árthach mar bheadh bairlín mhór d’á leigint anuas as na flathais le n‑a cheithre cúinníbh, agus tháinig an bhairlín am’ aice. 6Agus d’fhéachas isteach inti ’ghá breithniú agus chonnac ainim­ighthe cheithre gcos an domhain agus beith­idhigh agus piastaí agus éanlaithe an aéir. 7Ansan d’airígheas guth ’ghá rádh liom: Eirigh, a Pheadair, mairbh agus ith! 8Agus dubhart: Ní dhéanfadh, a Tighearna, óir níor chuaidh bia coitchian ná bia neamh-ghlan am béalfa riamh fós. 9Agus d’fhreagair an guth as na flathais an tarna h‑uair: An nídh a ghlan Dia, ná tabhairse coitchian air! 10Do deineadh an méid sin trí h‑uaire as a chéile agus ansan do tógadh na neithe go léir suas ins na flathais airís. 11Agus le n‑a linn sin siúd ag an dtigh ’na rabhas triúr fear a cuireadh ag triall orm a’ Caesaréa. 12Agus dubhairt an Spioraid Naomh liom dul leó gan cheist orm. Agus chuaidh an seisear bráthar so le m’chois, agus chuamair isteach i dtigh an fhir. 13Ansan d’innis seisean dúinn conus mar a chonnaic sé, ’n‑a thigh féin, aingeal ’n‑a sheasamh, agus go ndubhairt an t‑aingeal leis: Cuir fios go Ioppé ar Shímón ar a dtugtar Peadar, 14Agus labhar­faidh sé leat cainnt a saorfaidh thu féin agus do theaglach go léir. 15Ansan nuair a thus­nuigheas ar chainnt do thúirling an Spioraid Naomh ortha fé mar a thúirling sé orainne i dtusach. 16Agus chuimh­nigheas ar fhocal an Tighearna, mar adubhairt sé: [1]Dhein Eóin baiste le h‑uisge ach baistfar sibhse leis an Spioraid Naomh. 17Dá bhrígh sin, má thug Dia dhóibhsin an grásta céadna a thug sé dhúinne nuair a chreid­eamair sa Tighearna Íosa Críost, cia’r bh’é mise go bhfead­fainn cosg a chur le Dia?

18Nuair airighdar an méid sin d’éisteadar, agus thugadar glóire do Dhia agus dubhradar: Seadh ach tá aithríghe chun na beatha tabhartha ag Dia do sna geintibh féin.


19Agus na daoine úd a sgaipeadh mar gheall ar an dtriob­lóid i dtaobh Stiopháin do shiubh­ladar chómh fada le Phoenicé agus le Cuprus agus le h‑Antioch,