Page:Gníomhartha na n-Aspol.djvu/39

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
Caib. X. 41
319
Gníomhartha na n‑Aspol

é, 41Ní do’n phobul go léir, ach d’fhín­nithibh a bhí ceapaithe ag Dia roim ré: dúinne, a chaith bia agus deoch i n’fhochair rar éis eirighthe dhó ós na mairbh. 42Agus d’órduigh sé dhúinn craobh­sgaoile dhéanamh do sna daoine, agus fiadh­naise dhéanamh air gur b’é féin atá ceapaithe ag Dia chun bheith ’n‑a bhreith­eamh ar bheóibh agus ar mharbh­aíbh. [1]43Is air seo a dheinid na fáidhe go léir fiadh­naise, gur i n’ainim-sean atá maitheamh­nachus peacaí le fághail ag gach aoinne a chreid­eann ann.

44An fhaid a bhí Peadar ag rádh na cainnte sin do thúirling an Spioraid Naomh ar a raibh ag éisteacht leis an mbriathar. 45Agus lucht an tímpall­ghearrtha a tháinig i n‑aonfeacht le Peadar, bhí uathbhás ortha a rádh gur tháinig grásta an Spioraid Naoimh ar na geintibh. 46Mar bhíodar ag éisteacht leó ag labhairt na dteang­thacha agus ag móradh Dé. 47Ansan d’fhreagair Peadar: An féidir d’aoinne an t-uisge chimeád uainn sar a mbaistfí na daoine seo atá tar éis an Spioraid Naoímh a ghlacadh chómh maith linn féin? 48Agus d’órduigh sé iad do bhaiste i n‑ainim an Tighearna Íosa Críost. Ansan d’iarradar air fain­mhaint ’n‑a bhfochair raint laethanta.


Caibidiol XI.

Peadar ghá thais­beáint go raibh an ceart aige ’á dhéanamh nuair a bhí sé ag glacadh na ngeinte isteach sa n‑Eaglais. Iompódh a lán i n‑Antioch.

1Agus d’airigh na h‑Aspoil agus na bráithre a bhí i n‑Iúdaéa gur ghlac na geinte, leis, briathar Dé. 2Ansan nuair a chuaidh Peadar suas go Ierúsalem bhí lucht an tímpall­ghearrtha ag aighneas leis, 3Agus deiridís: Cad chuige dhuit dul ameasg daoine gan tímpall­ghearradh ortha agus bia chaith­eamh n‑a bhfochair? 4Agus thusnuigh Peadar agus d’innis sé an sgéal dóibh tríd síos, mar seo.

5Bhíos i gcathair Ioppé ag déanamh urnuigh­the agus

  1. Ierem. xxxi. 34.