Page:Gníomhartha na n-Aspol.djvu/41

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
Caib. XI. 20
321
Gníomhartha na n‑Aspol

gan an focail do labhairt le h‑aoinne ach le Iúdaígh amháin. 20Ach bhí cuid acu agus Cupri­ánaigh ab eadh iad agus Curé­néacha, agus nuair a chuadas isteach i n‑Antioch bhídís ag cainnt leis na Gréagaigh féin ag tabhairt eóluis ar an dTigh­earna Íosa dhóibh. 21Agus bhí lámh Dé leó agus do h‑iom­puigheadh cuid mhór daoine chun creidimh an Tighearna.

22Ansan do tháinig tuairisg na neith sin chun a gcluas do lucht na h‑eagailse a bhí i n‑Ierúsalem agus chuir­eadar Barnabas go h‑Antioch. 23Tháinig sé agus chonnaic sé an grásta ó Dhia agus bhí áthas mór air agus thug sé cómhairle do sna daoine go léir bheith seas­amhach ’n‑a gcroidhe agus lean­mhaint do’n Tighearna. 24Óir fear fóghanta b’eadh é a bhí lán de’n Spioraid Naomh, agus de chreid­eamh. Agus do tugadh cuid mhór daoine chun an Tighearna.

25Ansan do chuaidh Barnabas go Tarsus ag lorg Saul agus nuair a fuair sé é thug sé leis go h‑Antioch é. 26Agus thugadar bliain iomlán i gcómh­luadar na h‑eagailse ann, agus dhein­eadar pobal mór do theagasg, i dtreó gur i n‑Antioch a tugadh ar dtúis Críost­aidhthe ar na deis­giobuil.

27Agus ins na laethibh sin do tháinig fÁidhí ó Ierúsalem go h‑Antioch. 28Agus d’eirigh duine acu san d’ár bh’ ainim Agabus agus thug sé le tuisgint, ó’n spioraid, go raibh gortha mór le teacht ar an saoghal go léir, agus do tháinig san fé Chlaudius. 29Agus do bheart­uigh na deisgio­buil, gach aoinne do réir a ghustail, cabhair a chur ag triall ar na bráithre a bhí ’n‑a gcómh­nuighe i nIúdaéa. 30Agus dhein­eadar san. Chuir­eadar an chabhair chun na seanóirí le Barnabas agus le Saul.


Caibidiol XII.

Géar­leanmhaint Héróid. Peadar dá fhuas­gailt ag aingeal. Pionós ar Héród.

1Le linn na h‑aimsire céadna do chuir Héród, an rí, a lámha chun uilc a dhéanamh ar chuid de mhuinnrir na h‑eagailse. 2Agus do mhairbh sé Séamus, dritháir Eóin, le claidh­eamh.

3