Page:Gníomhartha na n-Aspol.djvu/65

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
Caib. XIX. 33
345
Gníomhartha na n‑Aspol

mearaidhe ar an bpobul agus ní fhéidir an chuid ba mó dhíobh cad a thug ann i n‑aon chor iad. 33Do tharaig­eadar Alec­sander amach as an mbrúth. Do sháigh na Iúdaígh amach é. Do bhagair Alec­sander a lámh ortha a’ d’iarraidh ciúnais chun go mín­eóchadh sé an sgéal do sna daoine. 34Ach nuair a chonnac­adar gur bh’ Iúdach é chuir­eadar go léir aon liú amháin suas: Is mór í Diána na n‑Ephesi­ánach! Agus do leanadar de’n liúgh ar feadh suas le dhá uair a’ chluig.

35Ansan do chuir cléireach na catharach chun suaimhnis an pobal agus dubhairt sé: A fheara Ephesi­ánacha, cá bhfuil an duine beó ná fuil fhios aige go n‑adhrann muinntir na catharach so Ephesus Diána mhór, inghean Iúpiteir? 36D’á bhrígh sin óir nách féidir an méid sin do séanadh is ceart daoibh fanmhaint socair agus gan aon bheart obann a dhéanamh. 37Thugbhúir anso na fir seo agus gan masla tabharthá acu d’bhúr dteampull ’ná d’bhur mbandia. 38Ach má tá ag Démétrius, agus ag na ceár duigh­thibh atá le n‑a chois, cúis i gcoinnibh aoinne, táid na cúirteana ann agus na [* 1]pró­chonsuil: Cuiridís neithe i leith a chéile. 39Má tá aon nídh eile agaibh d’á lorg, socaruigh­tear é i gcómh­thionól a bheidh do réir dlighe. 40Agus is baoghal go gcurfar i n‑ár leith toirmeasg an lae indiu agus gan aoinne cionntach (gur féidir cúntas a tabhairt air) leis an gcruinniú so. Nuair a bhí an méid sin ráidhte aige do chuir sé an pobal chun siúbhail.


Caibidiol XX.

Cuaird Phóil tre Mhacedonia agus tríd an nGréig. Duine aige á thógaint ó’n mbás i dTróás. A chainnt le cléir Ephesuis.

1Ansan, nuair a bhí an toirmeasg imighthe do ghlaoidh Pól chuige na deis­giobuil agus do chómhair­ligh sé iad, agus d’fhág sé slán acu agus do ghluais sé chun dul go Macedonia. 2Agus nuair a bhí na triúcha san siúbhalta aige agus mórán cainnte déanta aige leis na daoine tháinig sé sa Ghréig. 3Bhí sé trí mhí sa n‑áit

  1. .i. an giúistís Rómhánaí a bhí os a gcionn.