Page:Gníomhartha na n-Aspol.djvu/66

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
346
Caib. XX. 4
Gníomhartha na n‑Aspol

sin. Ansan cheap sé dul go Síria ar luing ach bhí na Iúdaigh i gceilg ag faire air agus shoc­aruigh sé ar theacht tré Mhace­donia. 4Agus chuaidh i n‑aon­fheacht leis Sópatér Mac Phirruis, ó Bheréa; agus Aris­tarchus agus Secundus Tessa­lónaigh; agus Gaius ó Dherbé, agus Tímoteus; agus Tuchicus agus Trophimus, beirt Ásiánach. 5Chuadar san rómhainn agus d’fhanadar linn i dTróás.


6Agus do chuamair-ne ar luing ó Philippí, tar éis laethanta an aráin gan giort, agus bhíomair chúig lá ag teacht go Tróás agus d’fhanamair ann seacht lá.

7Ansan, an chéad lá de’n tseachtmhain do thánamair i bhfochair a chéile chun aráin do bhrise, agus bhí Pól ag tabhairt teagaisg dóibh, mar bhí sé le h‑imtheacht ar maidin amáireach a bhí chúghainn, agus do lean sé ar an dteagasg go meadhon oidhche.[* 1] 8Ach bhí lóchrainn ár ndóthin againn sa treómsa mór ’na rabhmair cruinnigh­the. 9Agus bhí buachaill dár bh’ ainim Eútuchus ’n‑a shuidhe ar an bhfinn­eóig, agus thuit sé ’n‑a chodla go sámh an fhaid a bhí Pól ag cainnt. Le truime a chodlata do thuit sé síos ó’n dtrímhadh lochta agus do tógadh suas marbh é. 10Ach do chuaidh Pól síos chuige agus do luigh sé anuas air agus chuir sé a lámha ’n‑a thímpull agus dubhairt sé: Na bíodh ceist oraibh. Tá a anam ann. 11Ansan chuaidh sé suas agus bhris sé arán agus do bhlais, agus dhein sé cainnt ar feadh abhfad, go dtáinig an solus, agus ansan d’imthigh sé. 12Agus do rugadar leó an buachaill, agus é beó, agus níor bheag é a n‑áthas.

13Ansan do chuamair-ne ar an luing agus sheólamair go h‑Assos i dtreó go mbéar­faimís Pól linn ó’n áit

  1. Ver. 7. “An chéad lá de’n tseachtmhain.” Mínígid Chrusos tom Naomhtha, agus a lán eile de lucht sgrúd­uighthe an Sgriptúra, i dtaobh na bhfocal san go raibh na Críost­aidhthe, um an dtaca san féin tar éis lae na Sabbóide do chur i dtusach na seacht­mhaine (.i. ar an ndomhnach). Mar atá sé anois ag na Críost­aidhthibh go léir. Is deimhin gur le h‑úghdarás na h‑Eagailse a deineadh an t‑atharú san. Mar sin do dhein sí úsáid dé’n chómhacht a bhí tabhartha ag an dTigh­earna dhi, óir is é Rí an Domhnaigh é.