Page:Gníomhartha na n-Aspol.djvu/64

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
344
Caib. XIX. 20
Gníomhartha na n‑Aspol

iad os cómhair na puibil­ídheachta. Agus do measadh fiacha na leabhar, agus do fuaradh gur bh’fiú caogad míle píosa airgid iad. 20Sin mar a bhí briathar Dé ag fás go láidir agus ag dul i ndaingin­eacht.

21Nuair a bhí na neithe sin críoch­nuighthe do bheart­uigh Pól, sa spioraid, gabháil tré Mhace­donia agus tré Acaia agus dul go Ierúsalem, agus dubhairt sé: Tar éis mé bheith sa n‑áit sin ní foláir dom an Róimh a d’fheisgint. 22Ansan chuir sé beirt d’á lucht frithál­mha, Tímoteus agus Erastus, go Macedonia agus d’fhan sé féin ar feadh tamaill san Ásia.

23Agus d’eirigh an uair sin achrann nár shuarach i dtaobh slighe an Tighearna. 24Bhí fear n‑ar bh’ ainim dó Démétrius agus gabha geal ab eadh é, agus bhíodh séag déanamh teampall airgid do Dhiána agus bhíodh fághaltas nár shuarach ag ceárduigh­thibh d’á bhárr. 205Chruin­nigh sé i láthair a chéile iad féin agus an lucht oibre a bhain leó agus dubhairt sé: A fheara, is eól daoibh gur as an gcéird seo a thagann ár gcuid chúgh­ainne. 26Ach chíonn sibh agus airígheann sibh conus mar atá mórán daoine iom­puighthe ag Pól so, le n‑a chómhradh, ní h‑amháin i n‑Ephesus ach ar fuid na h‑Ásia go léir nách mór, ’ghá chur ’n‑a luighe ortha—Ní déithe i n‑aon chor na déithe a deintear le lámhaibh. 27Is baoghal go dtabhar­faidh san droch-ainim d’ár slighe bheatha, agus ná fágfaidh sé aon mheas ar theampull mhór Dhiána, agus ní h‑amháin sin ach go dturnó­chaidh a mórdhacht ar dhul ar neamhnídh, bíodh go n‑adhrann an Ásia go léir agus an domhan go léir í. 28Nuair airíghdar an chainnt sin do lasadar le feirg agus do liúghdar: Is mór í Diána na n‑Ephesi­ánach!

29Do cuireadh an chathair go léir tré n‑a chéile. Do ritheadar i n‑aon­fheacht chun an téátair agus greim acu ar Ghaius agus ar Aristar­chus, Mace­donaigh, com­rádaithe do Phól. 30Cheap Pól dul isteach ameasg na ndaoine. Ní leogfadh na deis­giobuil dó é. 31Agus bhí cuid d’uachtar­ánaibh na h‑Ásia ann, cáirde dhó, agus chuir­eadar teachtair­eacht chuige ’ghá iarraidh air gan dul isteach sa téátar. 32Do liúigh duine an rud so agus duine eile an rud úd. Is amhlaidh a bhí measgán