Page:Gníomhartha na n-Aspol.djvu/63

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
Caib. xix. 7
343
Gníomartha na n‑Aspol

agus do thúirling an Spioraid Naomh ortha agus do labhradar i dteangtha­chaibh agus dhein­eadar targair­eacht. 7Agus tímpal dáréag acu a bhí ann ar fad.

8Agus bhíodh sé ag dul isteach sa tsinagóig agus ag labhairt ann go dána, ar feadh trí mhí, ag díos­póireacht agus ag cur i bhfeidhm i dtaobh rígh­eachta Dé. 9Ach bhí daoine dúra ann ná creid­feadh, ach bhíodh ag tar­cuisniú slighe an Tighearna os cómhair na ndaoine. D’imthigh sé uatha agus do dheighil sé na deis­giobuil uatha, agus bhíodh sé ag argóint gach lá i sgoil fir dár bh’ainim Turannos. 10Do lean san mar sin ar feadh dá bhlian, i dtreó gur airigh gach a raibh i n‑Ásia, idir Iúdach agus Geinteach, briathar an Tighearna. 11Agus do dhein Dia mírbhúiltí éag­samhlacha tré láimh Phóil. 12I dtreó go mbeirtí chun na ndaoine mbreóite, ó n‑a cholainn, ciarsúint agus aprúin, agus go n‑im­thígheadh an bhreóit­eacht díobh, agus go n‑im­thígheadh na deamhain asta.

13Do thárla go raibh cuid de sna Iúdaigh ag imtheacht ó áit go h‑áit agus go rabhdar a d’iarraidh deamhan a chur amach, agus d’agraidís ainim an Tighearna Íosa agus deiridís: Fógraim oraibh Íosa atá ag Pól d’á chraobh­sgaoile. 14Agus bhí Iúdaígh áirithe, mór­sheisear mac a bhí ag Scebha duine d’uachtar­ánaibh na sagart, ’ghá déanamh san. 15Ach d’fhreagair an annsprid iad agus dúbhairt sé: Tá aithne agam ar Íosa agus tá é lus agam ar Phól, ach cia h‑iad sibhse? 16Agus an fear n‑a raibh an annsprid mhall­uighthe ann do léim sé chúcha agus fuair sé an lámh uachtair ar an mbeirt acu agus ghaibh sé ortha i dtreó gur ritheadar as an dtigh sin tárnocht,[* 1] agus iad geárrtha. 17Do h‑innseadh an méid sin d’á raibh d’Iúda­chaibh agus de Gheintibh i n‑Ephesus agus tháinig sgannra ortha go léir, agus do móradh ainim an Tighearna Íosa.

18Agus bhíodh a lán de’n mhuinntir a chreid ag teacht ag déanamh faoisdine agus ag innsint a ngníomh­artha. 19Agus a lán de’n mhuinntir a bhíodh ag déanamh deismir­eachta thugadar na leabhair leó agus do dhóghdar

  1. .i. do strac sé a gcuid éadaigh díobh.