dhúthaíbh Ghalatia agus Phrigia, i ndiaidh chéile, ag cur misnigh ar na deisgiobuil go léir. 24Tháinig, ámh, go h‑Ephesus Iúdach n‑ar bh’ainim dó Apollo, Alecsandríneach, fear deaghlabhartha, láidir ins na Scriptiúraibh. 25Bhí sé oilte ar shlighe an Tighearna agus do labhair sé le díogras aigne agus do theagaisg sé go dúthrachtach na neithe a bhaineann le h-Íosa, agus gan ar eólus aige ach baiste Eóin. 26Do chrom an fear san ar labhairt go dána sa tsinagóig. Agus nuair a dh’airigh Priscilla agus Acuila é thugadar leó é agus mhúineadar dó níos cruinne slighe an Tighearna. 27Ansan ba mhian leis dul go h‑Acaia agus do sgríbh na bráithre ag triall ar na deisgiobuil ’ghá iarraidh ortha é ghlacadh. Agus nuair a tháinig sé thug sé congnamh mór do’n mhuinntir a bhí tar éis creideamhaint. 28Óir do chuir sé ’n‑a luighe go cuthaigh ar na Iúdaígh, go puibilídhe, gur b’é Íosa is Críost ann.
Caibidiol XIX.
An eaglais dá chur ar bun ag Pól i n‑Ephesus. Clampar na ngaibhní ngeal.
1Agus do thárla, le linn Apollo bheith i gCoirint go dtáinig Pól go h‑Ephesus, nuair a bhí na h‑áiteana uachtaracha siúbhaltha aige, agus go bhfuair sé rainnt deisgiobul; 2Agus dubhairt se leó: Ar ghlacbhúir an Spioraid Naomh ó chreidbhúir? Agus dubhradar san leis: Ní h‑eadh ach níor chloiseamair an Spioraid Naomh a bheith ann i n‑aon chor. 3Agus dubhairt seisean: Má ’seadh cad ann ’nar baisteadh sibh? Agus dubhradar: I mbaiste Eóin. 4Agus dubhairt Pól: [1]Do bhaist Eóin na daoine le baiste aithrighe agus dubhairt sé leó nár bh’fholáir dóibh creideamhaint sa’ t‑é a bhí le teacht ’n‑a dhiaidh féin, ’sé sin, i n‑Íosa. 5Nuair a dh’airíghdar an méid sin do baisteadh iad i n‑ainim an Tighearna Íosa. 6Ansan do chuir Pól a lámha ortha
- ↑ Mait. iii. 11; Marc. i. 8; Lúc. iii. 16; Eóin i. 26; Supra i. 5 agus ix. 16.