Page:Gníomhartha na n-Aspol.djvu/61

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
Caib. XVIII. 10
341
Gníomhartha na n‑Aspol

oidhche: Ná bíodh eagal ort, ach labhair agus ná h‑eist,[* 1] 10Óir táimse leat, agus ní leómhfaidh aoinne dochar a dhéanamh duit; mar tá mórán daoine sa chathair seo agamsa.

11Agus d’fhan sé ansan bliain agus sé mhí ag teagasg bréithir Dé ’n‑a measg. 12Ach nuair a bhí Gallió ’n‑a phró­chonsul i n‑Acaía d’eirigh na Iúdaigh, do thoil á chéile i n‑aghaidh Phóil agus thugadar os cómhair an t‑suidhe­bhratha é, 13Agus dubhradar: Tá an fear so ag cur na ndaoine suas chun Dia d’adhradh go h‑aind­leagh­thach. 14Ach nuair a bhí Pól ag tusnú ar a bhéal a bhogadh chun labhartha dubhairt Gallió leis na Iúdaígh: A fheara Iúdacha, dá mba éagcóir é, nú coir chionn­tach ana-olc, ba cheart dom cur suas libh. 15Ach má’s cúrsaí focal é, agus ainim­neacha, agus bhúr ndlighe-se, féachaidh féin chuige: ní h‑áil liomsa bheith am breith­eamh ar na neithibh sin. 16Agus do chomáin sé ó’n suidhe­bhratha iad. 17Agus do rugadar go léir ar Shóstenés uachtarán na sinagóige agus bhíodar ag gabháil air os cómair an tsuidhe­bhratha agus níor chuir Gallió aon tsuim i n‑aon nídh de sna neithibh sin.


18D’fhan Pól mórán laethanta sa n‑áit. Ansan d’fhág sé slán ag na bráith­ribh agus chuaidh sé ar luing go Síria (agus Priscilla agus Acuila i n‑aon­fheacht leis) [1]tar éis a chínn a bhearradh i gCencrea, mar bhí móid aige. 19Agus tháinig sé go dtí Ephesus agus d’fhág sé iad-san ann. Agus chuaidh sé féin isteach sa tsinagóig ag díospóir­eacht leis na Iúdaígh. 20Agus d’iarradar air fanmhaint níos sia ach níor thoiligh sé chuige, 21Ach d’fhág sé slán acu agus dubhairt sé: Tiocfad chúghaibh airís má’s toil le Dia é. Ansan d’imthigh sé ó Ephesus.

22Agus chuaidh sé síos go Caesarea. Ansan chuaidh sé suas[* 2] agus bheann­uigh sé do’n eaglais, agus chuaidh sé síos go h‑Antioch.


23Chaith sé suim aimsire ansan, agus ghluais sé tré

  1. Num. vi. 18; Infra xxi. 24.
  1. .i. ná bí ciúin
  2. chuaidh sé suas .i. go Ierúsalem