Page:Gníomhartha na n-Aspol.djvu/60

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
340
Caib. XVII. 33
Gnníomhartha na n‑Aspol

cuid acu ar mhagadh dhéanamh, agus dubhairt cuid acu: Éistfimíd leat uair éigin eile i dtaobh an sgéil sin. 33Ansan d’imthigh Pól uatha amach. 34Ach do lean fir áirithe é agus chreid­eadar, ar a raibh Díonusios an t‑Areo­pagach, agus bean n‑ar bh’ainim di Damaris, agus tuille leo.


Caibidiol XVIII.

Eaglais Coirint dá cur ar bun ag Pól, agus é ag seanmóiniú i n‑Ephesus, ⁊rl. Apollo do dhul go h‑Ephesus.

1Tar éis an méid sin d’fhág sé cathair Aténé agus tháinig sé go dtí Coirint. 2Agus fuair sé sa n‑áit sin Iúdach n‑ar bh’ainim dó Acuila, fear a rugadh i bPontus agus a bhí tar éis teacht go déanach ó’n Eadáil, agus Priscilla, a bhean (do dheas­gaibh a bheith órd­uighthe ag Claudius do sna Iúdaígh go léir imtheacht ó’n Róimh), agus chuaidh sé ag triall ortha. 3Agus toisg é bheith ar aon cheárd leó d’fhan sé ’n‑a bhfochair ag obair ar an gcéird (agus ag déanamh pailiún ab eadh an cheárd). 4Agus bhíodh sé sa tsinagóig ag pléidh, gach lá sabbóide, ag trácht ar ainim an Tighearna Íosa, agus bhí sé ag tabhairt na nIúdach agus na nGréagach leis.

5Ansan nuair a tháinig Sílas agus Tímoteus chuige ó Mhacedonia do ghéaruigh Pól sa teagasg, gá chur ’n‑a luighe ar na Iúdaígh gur b’é Íosa is Críost ann. 6Ach bhí n‑a Iúdaígh ’ghá bhréagnú go masluigh­theach. Ansan do chroth sé a chuid éadaigh agus dubhairt sé: Bíodh bhúr gcuid fola ar bhúr gceann féin. Táimse glan. Tabharfad aghaidh ar na geintibh feasda. 7Ansan d’fhág sé an áit sin agus tháinig sé go tigh duine dár bh’ainim Títus Iústus, duine a bhí úmhal do Dhia, agus go raibh a thigh ceang­ailte de’n tsinagóig. 8Agus do chreid Crispus, uachtarán na sinagóige, sa Tighearna, agus a theagh­lach go léir, agus do chreid mórán de sna Coir­intigh a bhí ag éisteacht leis agus do baisteadh iad.

9Ansan dubhairt an Tighearna le Pól, i n‑aisling, san