26D’á bhrígh sin cuirim a fiadhnuise oraibhse, sa lá so atá indiu againn, go bhfuilim glan ar chuid fola gach duine. 27Mar níor staonas ó chomhairle Dé do chur i n‑iúil daoibh go h‑iomlán. 28Tugaidh aire dhaoibh féin agus do’n tréad go léir, ar ar chuir an Spioraid Naomh sibh i n‑bhúr n‑easbogaibh ag riaghladh eaglaise Dé a cheannuigh sé le n‑a chuid fola féin. 29Tá ’fhios agamsa go dtiocfaidh isteach i n‑bhúr measg, nuair a bheadsa imighthe, faolchoin chraosacha, agus ná staonfaid siad ó’n dtréad. 30Agus eireóchaid, oraibh féin, fir a labharfaidh neithe tuathalacha, chun deisgiobul a tharrac n’a ndiaidh. 31D’á bhrígh sin déinidh faire, agus cimeádaidh i nbhúr gcuimhne conus mar nár stadas ar feadh trí mblian, do ló ná d’oidhche, ach ag cómhairliú an uile dhuine agaibh agus deóra le m’shúilibh.
32Agus anois tugaim suas do Dhia sibh agus do bhriathar a ghrásta, ó’s ar a chumas atá an obair do chríochnú agus an oighreacht a thabhairt daoibh ameasg na naomh go léir. 33Níor shanntuigheas airgead ná ór ná éadach aon duine, 34Mar is eól daoíbh féin, [1]gurab iad an dá láimh seo sholáthair gach a raibh riachtanach dom féin agus do sna daoine atá́ am fhochair. 35Tá gach aon nídh taisbeánta agam daoibh, gur ag obair ar an gcuma san is ceart dúinn fóirithint ar na daoine laga, agus cuimhneamh ar bhriathar an Tighearna Íosa mar go ndubhairt sé féin: Is mó an t‑aoibhneas go mór rud a bhronnadh ná rud a ghlacadh.
36Agus nuair a bhí an méid sin ráidhte aige do leog sé é féin ar a ghlúinibh agus dhein sé guidhe chun Dé ’n‑a dteannta go léir. 37Ansan bhíodar go léir ag gol go fuígheach agus ag cur a lámh tímpal ar mhuinéal Phóil. agus ’ghá phógadh, 38Ag déanamh buartha go mór mar gheall ar an bhfocal adubhairt sé, ná feicfidís a ghnúisa thuille. Agus dheineadar é thionnlacan síos chun na luinge.
- ↑ Cor. iv. 12 ; 2 Tess. iii. 8.