Page:Gníomhartha na n-Aspol.djvu/69

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
Caib. XXI. 1
349
Gníomhartha na n‑Aspol


Caibidiol XXI.

Cuaird Phóil go Ierúsalem. É dhá ghabháil aige sna Iúdaígh sa teampull.

1Agus nuair a thárla go raibh sgartha againn leó agus sinn ag gluais­eacht fé seól,[* 1] thánamair ceann ar aghaidh go Cóos, agus an lá ’n‑a dhiaidh san go Rodos, agus as san go Patara. 2Ansan do fuaramair long a bhí ag dul treasna go Phoenicé, agus chuamair ar bórd agus ghluais­eamair. 3Thánamair i radharc Chuprois agus d’fhágamair ar ár láimh chlé é agus sheól­amair go Síria agus thánamair go Túros; óir is ann a bhí ar an luing a h‑ualach do chur aisti. 4Fuaramair deis­giobuil sa n‑áit sin agus d’fhanamair ann seacht lá. agus bhíodar, tríd an spioraid, ghá rádh le Pól gan dul suas go Ierúsalem. 5Ach nuair a bhí na laethanta caithte do ghluais­eamair agus bhíomair ag imtheacht, agus thánadar go léir, iad féin agus a mná agus a gclann, ghár dtionn­lacan, go geataí na catharach; agus do leogamair sinn féin ar ár nglúinibh ar an dtráigh agus do ghuídh­mair. 6Ansan d’fhágamair slán ag á chéile agus chuamair-ne ar an luing agus chuadar-san abhaile. 7Dhein­eamair-ne ár gcuaird ar uisge ó Thúros síos go Ptolemáis agus bhean­nuighmair do sna bráithribh a bhí ann agus d’fhanamair lá ’n‑a bhfochair. 8Ghluais­eamair an lá ’n‑a dhiaidh agus thánamair go Caesaréa. Chuamair, ansan, go tigh Philib, an soisgéal­aidhe, [1]duine de’n mhór­sheisear, agus d’fhanamair aige.[* 2]

9Bhí aige sin ceathrar inghean, ceathrar maighdean, agus dheinidís targair­eacht. 10Do stadamair ann rainnt laethanta agus tháinig chúghainn ó Iudaéa fáidh n‑ar bh’ainim dó Agabus. 11Nuair a tháinig sé sin chúghainn do thóg sé crios Phóil agus cheangail sé a lámha féin agus

  1. Supra vi. 5.
  1. .i. an long fé sheól againn.
  2. Ver. 8. “An soisgéalaidhe,” .i. seanmónaídhe an tsoisgéil, an fear céadna úd d’iompuigh na Samari­tánacha agus do bhaist an coill­teánach (Caib. viii.), duine de sna seacht ndiacon­aibh tosaigh ab eadh é.