Page:Gníomhartha na n-Aspol.djvu/70

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
350
Caib. XXI. 12
Gníomhartha na n‑Aspol

a chosa agus dubhairt sé: Seo mar adeir an Spioraid Naomh, an fear gur leis an crios so, sin mar a cheangal­óchaid na Iúdaígh é i n‑Ierúsalem, agus tabhar­faid siad i lámhaibh na nGeinte é. 12Nuair airigh­mair-ne an méid sin bhíomair féin agus muinntir na h‑áite sin ag tathant air gan dul suas go Ierúsalem. 13Ansan dubhairt Pól ’ár bhfreag­radh: Cad tá agaibh á dhéanamh, ag gol agus ag cur buartha ar mo chroidhe? Táimse ollamh, ní h‑amháin chun ceangail d’fhulag ach fós chun báis d’fhulag, ar son ainime an Tighearna Íosa. 14Ansan, nuair a theip orainn é bhogadh d’éist­eamair, agus dubh­ramair: Toil an Tighearna go ndeintear!

15Agus tar éis na laethanta san d’ollmhuigh­mair sinn féin agus bhíomair ag dul suas go Ierúsalem. 16Agus tháinig i n‑aon­fheacht linn cuid de sna deis­giobuil ó Chaesaréa, agus Cupri­ánach ’n‑a dteannta, duine dár bh’ainim Mnasón, seana-dheis­giobul, n‑a rabhmair chun bheith ar lóisdín aige.


17Thánamair go Ierúsalem agus do ghlac na bráithre sinn go fáilteach. 18Amáireach a bhí chúghainn chuamair féin agus Pól go tigh Shéamuis agus bhí na sínsir go léir cruinn­ighthe ann. 19Bheann­uigh sé dhóibh agus d’innis sé dhóibh, tríd síos, gach a raibh déanta ag Dia, tré n‑a fhri­thálamh féin, ameasg na nGeinte. 20Agus nuair airighdar é thugadar glóire do Dia, agus dubhradar leis: Chíonn tú, a bhráthair, cad iad na mílte de sna Iúdaígh atá tar éis creid­eamhaint, agus tá báidh acu go léir do’n dlighe. 21d’airighdar, ámhthach, go bhfuil­irse ghá chur ’n‑a luighe ar na Iúdaígh atá ameasg na nGeinte nach misde dhóibh imtheacht ó Mhaois, agus ná fuil fhiach­aibh ortha tímpall­ghearradh do dhéanamh ar a gclainn, ná réir na dlíghe do lean­mhaint. 22Cad ’tá le déanamh mar sin? Gan amhras caithfid na daoine cruinniú mar aireóch­aid siad gur thánaís. 23Dein an nídh seo a deirimíd leat dá bhrígh sin: Tá ceathrar fear againn go bhfuil móid ortha. 24Tóg leat iad san agus glantar thú i n‑aon­fheacht leó. Ansan díol-se asta i dtreó go [1]mbeárrfar a gcinn. Ansan chífidh gach aoinne

  1. Num vi. 18; Supra, xviii. 18.