Page:Gníomhartha na n-Aspol.djvu/71

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
Caib. XXI. 25
351
Gníomhartha na n‑Aspol

gur b’éitheach ar airíghdar ad thaobh, agus go bhfuilir féin ag siúbhal ad chos­namhaidhe do’n dlígh.[* 1] 25Ach i dtaobh na nGein­teach a chreid, [1]do sgríobh­mair-ne ghá órdú dhóibh cimeád ó’n rud a h‑ídh­bireadh d’íodh­olaibh, agus ó fhuil, agus ó nídh a tachtadh, agus ó dhrúis. 26Ansan do thóg Pól leis na fir lár n‑a mháireach agus do glanadh é i n‑aon­fheacht leó agus chuaidh sé isteach sa teampull, tar éis laethanta a nglanta d’fhógairt, chun gp ndéanfí ofráil ar son gach duine acu.

27Ach bhí Iúdaígh ó’n Ásia ann agus nuair a bhí na seacht laethanta dhá gcríochnú chonnac­adar sa teampull é agus do ghríos­adar an pobul go léir agus chuir­eadar a lámha air agus do liúgadar: 28Congnamh! a fheara Israéil. Sidé an duine atá ag múine na ndaoine ins gach aon bhall i gcoinnibh an phobuil seo agus i gcoinnibh na dlighe agus i gcoinnibh na h‑áite seo. Thug sé daoine gein­teacha isteach sa teampull agus do sháruigh sé an áit bheann­uighthe seo. 29Óir bhíodar tar éis Trophi­muis ó Ephesus a dh’fheiscint sa chathair ’n‑a theannta agus cheapadar go raibh Pól tar éis é thabhairt isteach sa teampull. 30Agus bhí an chathair go léir ar bhuile. agus do chruinn­igh na daoine. Do rugadar ar Phól agus tharraig­eadar amach as an dteampull é agus do dúnadh na dóirse láith­reach.

31Agus bhí fonn ortha é mharbhadh, ach do h‑innseadh do thribiún an airin Ierúsalem go léir a bhéith tré n‑a chéile. 32Thóg sé sin leis saigh­diúirí agus taois­eacha céad agus do rith sé chúcha síos. Nuair a chonnac­adar an tribiún agus na saigh­diúirí do stadadar de bheith ag bualadh Phóil. 33Ansan do tháinig an tribiún agus thóg sé é agus d’órduigh sé é cheangal le dhá shlabhra agus d’fhiaf­raigh sé cia’r b’é agus cad a bhí déanta aige. 34Ach bhí an tsluagh ag liúirigh, duine ghá rádh so agus duine ghá rádh súd. Agus nuair nár bh’fhéidir

  1. Supra xv. 20 agus 29.
  1. Ver. 24. “Ad chos­namhaidhe do’n dlígh.” Bíodh go raibh an dlígh sin a deirtear imighthe a’ feidhm um an dtaca san bhí na Críost­aidhthe Iúdacha gha cimeád, agus do leanadar ’ghá cimeád ar feadh rainnt aimsire, chun na sinagóige, mar a déarfí, d’adhlacadh le h‑onóir.