Page:Gníomhartha na n-Aspol.djvu/72

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
352
Caib. XXI. 35
Gníomhartha na n‑Aspol

dó deimhin a dh’fhághail mar gheall ar an gcur thré chéile, d’órduigh sé é thabhairt chun an long­phuirt. 35Agus nuair a tháinig sé go dtí an staighre do thárla go raibh na saighdiúirí ghá iompar mar gheall ar dhéine na ndaoine; 36Óir bhí an tsluagh ’n‑a ndiaidh agus iad ag liúirigh: Tóg uainn é.

37Agus le linn é bhreith isteach sa longphort dubhairt Pól leis an dtribiún: An misde dhom beagán cainnte dhéanamh leat? Agus dubhairt seisean: An dtuigeann tú Gréigis? 38Nách tusa an t Éigip­teach úd a dhein an chíréib ins na laethanta roimis seó agus do rug leat isteach sa bhfásach cheithre mhíle de ropairíbh. 39Agus dubhairt Pól leis: Iúdach iseadh mé go deimhin, ó Tharsus i gCilicia. Is cómhnuigh­theach mé go chathair nach suarach. Iarraim ort leogaint dom labhairt leis an bpobul. 40Thug sé cead dó. Ansan do sheasaimh Pól ar an staighre agus bhagair sé a lámh ar an sluagh agus do deineadh ana-chiúnas agus do labhair sé leó sa teangain Eabhra, agus dubhairt sé:


Caibidiol XXII.

Pól ghá innsint do’n phobul conus a h‑iompuigheadh chun an chreidimh é féin. É ’dhul ó sgiúrsáil le n‑a rádh gur bh’fhear Rómhánach é.

1A fheara, a bhráithre agus a aithreacha, éistidh leis an gcúntas atá agam le tabhairt daoibh. 2Nuair airíghdar ag labhairt leó é sa teangain Eabhra chiún­uighdar níba mhó. 3Agus dubhairt sé: Fear Iúdach iseadh mise. I dTarsus Chilicia do rugadh mé, ach sa chathair seo iseadh do tógadh mé, ag cosaibh Ghamaliél, agus do múineadh mé do réir fírinne dlighe ár sínsear, chómh seasamh­ach do’n dlighe sin agus atáthaoi-se go léir indiu. [1]4Agus dheineas géar­lean­mhaint go bás ar an slighe seo, ghá ngabháil, idir fhearaibh agus mnáibh, agus ghá dtabhairt chun lámha agus ghá gcur i mbraigh­dineas. 5Thug uachtarán na sagart, agus na seanóirí, teisti­méireacht dom

  1. Supra viii. 3.