Page:Gníomhartha na n-Aspol.djvu/73

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
Caib. XXII. 6
353
Gníomhartha na n‑Aspol

air sin; [1]agus fuaras leitir­eacha uatha ag triall ar na bráith­ribh i nDamascus, chun iad a thabhairt liom anso gabhtha go Ierúsalem i dtreó go gcurfí pionós ortha. 6Ach do thárla, agus mé ar an slighe agus ag teacht i gcómhgar do Dhamascus, i lár an lae, gur las am thímpal solus iomarcach ó neamh; 7Agus gur thuiteas chun tailimh agus gur airígheas an guth ghá rádh liom: A Shaul, a Shaul, cad ’n‑a taobh go bhfuilir ag géar­lean­mhaint orm? 8Agus d’fhreag­aras: Cia h‑é thu, a Thigh­earna? Agus dubhairt sé liom: Mise Íosa Nasareit atá agat d’á ghéar­lean­mhaint. 9Agus an muinntir a bhí le m’ chois do chonnac­adar an solus, ach níor airíghdar guth an t‑é a bhí ag cainnt liom.[* 1] 10Agus dubhart: Cad tá agam le déanamh, a Thigh­earna? Agus dubhairt an Tighearna liom: Eirigh agus imthigh isteach go Damascus, agus neósfar duir ansan i dtaobh na neith go léir atá agat le déanamh. 11Ansan, mar gheall ar neart an tsoluis úd, bhíos gan radharc agus do rug mo chomrád­aidhthe ar láimh orm agus thánag go Damascus. 12Agus bhí fear dár bh’ainim Ananías, fear go raibh creid­eamhaint aige, i dtaobh na dlighe, ó n‑a raibh de Iúdach­aibh ’n‑a gcómh­nuíghe sa n‑áit. 13Agus tháinig sé chúgham agus sheasaimh sé am fhiadh­naise agus dubh airt sé liom: A Shaul, a bhráthair. féach suas. Agus d’fhéachas-sa air-sean an uair chéadna. 14Ansan dubhairt sé: Do cheap Dia ár sinnsear thusa roim ré chun go dtuigfá a thoil agus go bhfeicfá an t‑Aon Ceart, agus go n‑aireóchfá guth a bhéil;[* 2] 15Óir beidh tu ad fhínné dhó, i láthair na ndaoine go léir, ar na neithibh a dh’airíghir agus do chonnaicís. 16Anois cad é an ríghneas so ort? Eirigh agus baist­thear thu agus nigh díot do pheacaí le glaodhach ar a ainim. 17Agus nuair a thánag tar n‑ais go Ierúsalem do thárla go rabhas sa teampull ag guidhe agus gur thuit tám-néal aigne

  1. Supra ix. 2.
  1. Ver. 9. “Níor airíghdar guth.” .i. Níor fhéadadar na focail do thuisgint ó n‑a chéile bíodh gur airíghdar fuaim na bhfocal (supra ix. 7).
  2. Ver. 14. “An t‑Aon Cheart,” .i. Ár Slánuigh­theóir do thais­beáin é féin do Pól. Gníomh. ix. 17.

5