sgiúrsáladar iad agus dubhradar leó gan labhairt i n‑aon chor i n‑ainim Íosa. Ansan do chuireadar chun siubhail iad. 41Ach d’imthighdar san a’ radharc na cómhairle agus áthas ortha toisg gur tuigeadh gur bh’ fhiú iad tarcuisne thabhairt dóibh le fulang mar gheall ar ainim Íosa. 42Agus níor stadadar i gcaitheamh an lae go léir ach ag teagasg na ndaoine agus ag craobhsgaoile Íosa Críost, sa teampul agus ó thigh go tigh.
Caibidiol VI.
An mórsheisear deochon dá n‑oirdniú. Díoghras Stiopháin.
1Agus ins na laethibh sin, nuair a bhí uimhir na ndeisgiobul ag dul i méid, d’eirigh ceisniomh do sna Gréagaigh i n‑aghaidh na n‑Eabhrach, ’ghá rádh go dtugtí faillighe ’n‑a mbaintreachaibh féin sa bhfrithálamh laethamhail.[* 1] 2Ansan do ghlaoidh an dáréag na deisgiobuil go léir i gceann a chéile agus dubhradar: Ní cuíbhe dhúinne briathar Dé d’fhágaint agus frithálamh bórd a dhéanamh. 3Cuardaighidh, d’á bhrígh sin, a bhráithre, ar bhúr measg féin, mórsheisear d’fhearaibh creideamhnacha, agus iad lán de’n Spioraid Naomh agus d’eagna, go gcuiream i mbun na h‑oibre seo iad. 4Agus beimíd féin coitchianta ag déanamh úrnuighthe agus ag frithálamh an bhréithir. 5Agus do thaithn an chainnt leis an bpobul go léir. Agus do thogadar Stiophán, fear a bhí lán de chreideamh agus de’n Spioraid Naomh; agus Pilib, agus Prochor, agus Nicánór, agus Tímón, agus Parmenas, agus Nicolás, fear a tháinig chúcha ó Antioch. 6Thugadar na fir sin i láthair na n‑Aspol, agus dhein na h‑Aspoil úrnuighthe dhóibh agus chuireadar a lámha ortha.
7Agus bhí briathar an Tighearna ag fás agus uimhir na ndeisgiobul ag dul i líonmhaire go mór i n‑Ierúsalem, agus bhí cuallacht mhór de sna sagairt féin tar éis géille do’n chreideamh.
- ↑ Ver. 1. “Na Gréagaigh,” Gréagaigh a tugtí ar na h‑Eabhraigh a rugadh agus do tógadh sa Ghréig.