8Agus bhí Stiophán lán de ghrásta agus de neart agus é ag déanamh mírbhúiltí agus soluídí móra ameasg na ndaoine. 9Ansan d’eirigh daoine áirithe as an sinagóig ar a dtugtar sinagóg na Libertíneach agus na gCurénéach agus na n‑Alecsandríneach agus na ndaoine a tháinig ó Chilicia agus ó Ásia, agus bhíodar ag aragóint le Stiophán. 10Agus ní rabhdar ábalta ar seasamh i n‑aghaidh na h‑eagna agus i n‑aghaidh na spioraide le n‑a labhradh sé. 11Ansan chuireadar suas daoine áirithe chun teacht agus a rádh gur airíghdar féin focail mhasluightheacha uaidh i n‑aghaidh Mhaoise agus i n‑aghaidh Dé. 12Do ghríosadar ar ah gcuma san ar pobul agus na seanóirí agus na sgríbhneóirí agus do ritheadar i gceann a chéile agus do rugadar air agus do thugadar i láthair na cómhairle é. 13Agus chuireadar suas fínnithe bréagacha chun a rádh: Ní stadann an duine sin ach ag labhairt cainnteana masluightheacha i n‑aghaidh na h‑áite naomhtha agus i n‑aghaidh na dlíghe. 14Óir d’airighmair é ’ghá rádh so: Déanfaidh Íosa so Nasareit léirsgrios ar an áit seo agus cuirfidh sé atharú ar na nósa a thug Maois dúinn. 15Agus bí lucht na cómhairle ag féachaint go dlúth air agus chonnacadar go raibh a ghnúis mar a bheadh gnúis aingil.
Caibidiol VII.
Cainnt Stiopháin os cómhair na cómhairle; a mhartra.
1Ansan dubhairt uachtarán na sagart: An bhfuil so amhlaidh? 2Dubhairt seisean: A fheara, a bhráithre agus a aithreacha, éistidh liom! Do thaisbeáin Dia na glóire é féin d’ár n‑athair Ábraham nuair a bhí sé i Mesopotámia sar ar chómhnuigh sé i gCaran, 3Agus dubhairt sé leis: [1]“Imthigh as do thír agus ó d’ghaoltaibh agus tar isteach sa tír a thaisbeánfad duit.” 4Ansan d’fhág sé tír na gCaldaéach agus chómhnuigh sé i gCaran. Agus nuair a fuair a athair bás d’aistirigh sé é chun na tíre seo ’na bhfuiltí-se anois i nbhur gcómhnuighe. 5Agus níor
- ↑ Gen. xii. 2.