Page:Gníomhartha na n-Aspol.djvu/25

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
Caib. VII.6
305
Gníomhartha na n‑Aspol

thug sé seilbh oigh­reachta dhó ann, oiread agus ciscéim troíghe, ach do gheall sé go dtabhar­fadh sé seilbh na h‑aite dhó féin agus d’á shliocht ’n‑a dhiaidh, agus gan mac aige. 6Ach dubhairt Dia leis: [1]Go mbeadh a shliocht ’n‑a gcómh­nuighe i ndúthaigh iasachta agus go gcurfí fé dhaor-smacht iad agus go dtabharfí droch­úsáid dóibh ar feadh cheithre chéad blian. 7Agus an náisiún agá mbeid siad fé dhaoirse, tabhar­fadsa breith ortha, adubhairt an Tighearna, agus ’n‑a dhiaidh san tiocfaid siad amach agus beid siad ag déanamh seirbhíse dhómhsa sa n‑áit so. [2]8Agus thug sé dhó connradh an tímpall­ghearradh, [3]agus mar sin de ghein sé Isaac agus do dhein sé an tímpall­ghearradh air an t‑ochtmhadh lá, agus [4]Isáac Iácób, agus [5]Iácób an dáréag pátriárc.

9Agus tháinig formad ag na pátriárc­aibh do Ióseph agus [6]dhíoladar é isteach sa n‑Éigipt. Agus bhí Dia leis, 10Agus d’fhuasgail sé é as gach guais d’á dtáinig air, [7]agus thug sé fábhar agus eagna dhó i súilibh Faraó rí na h‑Éigipte, agus do dhein sé uachtarán dé ar an Éigipt agus ar a theagh­lach féin go léir. 11Ansan do tháinig an gorta ar an Éigipt a fad agus ar Chanaan, agus cruadhtan mór, agus ní raibh bia le fághail ag ár n‑aithrea­chaibh. [8]12Agus nuair a dh’airigh Iácób arbhar a bheith le fághail sa n-Éigipt chuir sé ár n‑aith­reacha ann ar dtúis. [9]13Agus an tarna turus d’aithin a dhrithár­acha Ióseph agus do nochtadh a chine do Faraó. 14Ansan do chuir Ióseph fios a Iácób, a athair, agus ar a ghaol­taibh go léir, chúig dhuine dhéag a’s trí fichid. [10]15Agus chuaidh Iácób síos sa n‑Éigipt, agus [11]fuair sé bás, é féin agus ár n‑aith­reacha. 16Agus do tugadh go Sichem iad agus do cuireadh iad sa n‑uaigh [12]a chean­naigh Ábraham ar airgead ó mhacaibh Hemór, mac Shichem.

17Ach nuair a bhí ag teacht am na geal­lamhna a gheall

  1. Gen. xv. 13.
  2. Gen. xvii. 10.
  3. Gen. xxi. 2.
  4. Gen. xxv. 25.
  5. Gen. xxix. 32 agus xxxv. 22.
  6. Gen. xxxvii. 28.
  7. Gen. xli. 37.
  8. Gen. xlii. 2.
  9. Gen. xlv. 3.
  10. Gen. xlviii. 5.
  11. Gen. xlix. 32.
  12. Gen. xxiii. 16 agus l. 5 agus 13; Ios. xxiv. 32.

2