Page:Gníomhartha na n-Aspol.djvu/26

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
306
Caib.VII. 18
GNÍOMHARTHA NA N‑ASPOL

Dia d’Abraham bhí an t‑sliocht tar éis dul i [1]líon­mhaire sa n‑Éigipt, 18Go dtí gur éirigh rí eile sa n-Éigipt ná raibh aithne aige ar Ióseph. 19Dhein sé sin feall ar ár gcine agus chuir sé cruadhtan ar ár n‑aithrea­chaibh, go gcaith­idís a gclann óg do chur uatha amach i dtreó ná mairfidís. [2]20Sa n‑am san ifeadh do rugadh Maois, agus dob ionmhuin le Dia é, agus do h‑oileadh ar feadh trí mhí é i dtigh a athar. 21Ansan do cuireadh amach é, agus do thóg inghean Faraó é aguf dhein sí é dh’oit­eamhaint ’n‑a mhac aici féin. 22Agus do múineadh do Mhaois gach raghas eagna d’á raibh ag muinntir na h‑Éigipte agus bhí sé cómh­achtach ’n‑a bhréith­ribh agus ’n‑a ghníomh­arthaibh. 23Nuair a bhí sé dachad blian d’aois tháinig machtnamh i n’ aigne dhó go raghadh sé ag féachaint a bhráithre, clann Israéil. [3]24Agus chonnaic sé éagcóir ’á dhéanamh ar dhuine acu agus do chosain sé é, agus dhein sé díoltas ar son an t‑é gur deineadh an éagcóir air, mar do bhuail sé an t‑Éigipt­each. 25Agus do mheas sé go dtuig­feadh a bhráithre go dtabhar­fadh Dia tré n‑a láimh féin, fuasgailt dóibh, ach níor thuig­eadar. [4]26Lár n‑a mháireach a bhí chúghainn tháinig sé ortha agus iad ag troid, agus dhein sé caradas agus síoth­cháin eatartha, agus dubhairt sé: A fheara, is bráithre sibh; cad chuige dhaoibh a chéile ghortú? 27Ach an fear a bhí ag déanamh na h‑éagcóra ar a chómh­arsain do dhiúl­tuigh sé dhó agus dubhairt sé: Cé cheap tusa ad’ phriúnsa agus ad’ bhreith­eamh os ár gcionn? 28An me mharbhú a cheapann tú mar a mharbh­uighis an t‑Éigipt­each indé? Nuair airigh Maois an focal san do theith sé agus bhí sé ’n‑a dheór­uidhe i dtír Mhadian, agus bhí beirt mhac aige sa tír sin.

30Agus tar éis dachad blian do [5]thais­beáin aingeal é féin dó i bhfásach cnuic Sína, i lasair theine, i dtor. 31Agus nuair a chonnaic Maois an nídh sin do tháinig iongna air, agus bhí sé ag teacht i n’aice, ’ghá bhreith­niú agus do labhair guth an Tighearna leis, agus dubhairt: 32Is mise Dia t’atharach Dia Ábrahaim, agus Dia Isáac agus Dia Iácóib. Agus tháinig crith­eagla ar Mhaois agus níor leómhaigh sé féachaint air. 33Agus

  1. Exod. i. 7.
  2. Exod. ii. 2.
  3. Exod. ii. 12.
  4. Exod. ii. 13.
  5. Exod. iii. 2.