dubhairt an Tighearna leis: Bain do bhróga de t’ chosaibh mar is talamh naomhtha an áit ’na bhfuilir ad sheasamh. 34Ag féachaint dom is léir dom an cruadhtan ’na bhfuil mo phobul atá sa n‑Éigipt, agus do chloiseas a ngéarghol agus thánag anuas chun iad a d’fhuasgailt. Agus tarsa anois go gcuiread sa n‑Éigipt thu.
35An Maois sin d’ár diúltuígheadh nuair a dubhradh leis: Cé cheap thusa ad phriúnsa agus ad bhreitheamh? do chuir Dia uaidh é ’n‑a phriúnsa agus i n’fhuasgaltóir, tré láimh an aingil a taisbeánadh dó sa tor. [1]36Thug sé sin leis amach iad, agus é ag déanamh mírbhúiltí agus soluídí i dtír na n‑Éigipte agus sa Mhuir Ruaidh agus sa bhfásach ar feadh dachad blian. 37Isé an Maois sin adubhairt le clainn Israéil: [2]Tógfaidh Dia chúghaibh fáidh d’bhúr mbráithribh, mar mise; éistfidh sibh leis sin. [3]38Sidé a bhí sa n‑eaglais sa n‑uaigneas i bhfochair an aingil, di labhair leis ar chnuc Sína agus le n‑ár n‑aithreachaibh; do ghlac bréithre na beatha le tabhairt dúinn. 39Agus ní dhéanfadh ár n‑aithreacha rud air, ach do dhiúltuighdar dó agus d’iompuighdar a gcroidhe ar an Éigipt, agus dúbhradar le h‑Aaron: [4]40Dein dúinn déite a bheidh ag gluaiseacht rómhainn; óir an Maois seo a thug amach a h‑Éigipt sinn ní fheadramais cad ’tá imighthe air. 41Agus dheineadar gamh ain ins na laethibh sin, agus dheineadar ídhbirt chun an íomháigh, agus dheineadar gáirdeachas a h‑obair a lámh féin. 42Agus d’iompuigh Dia agus do leig sé dhóibh beith ag déanamh seirbhíse do shluagh neimhe, mar atá sgríobhtha i leabhar na bhfáid: [5]Ar dheineabhair ofráil agus ídhbirt dómhsa sa bhfásach i gcaitheamh dachad blian a theaghlach Israéil? 43Agus do ghlacabhair tabernacul Mholoch agus réalt bhúr ndé Rempham, íomhághtha a dheineabhair le nbhúr lámhaibh féin chun iad d’adhradh. Agus aistireóchad sibh thar Bhabilóin.
44Bhí tabernacul na fiadhnaise ag ár n‑aithreachaibh sa bhfásach, fé mar a cheap Dia dhóibh nuair a [6]labhair sé le Maois, go ndéanfadh sé é do réir an mhacsamhla a chonnaic sé. 45Agus do thóg ár n‑aithreacha, agus Iésus