Page:Gníomhartha na n-Aspol.djvu/54

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
334
Caib. XVI. 5
Gníomhartha na n‑Aspol

tré sna cathar­achaibh dóibh thugadar do sna daoine le cimeád na reachta a bhí déanta ag na h‑Aspuil agus ag na seanóirí a bhí i n‑Ierúsalem. 5Agus mar sin bhí na h‑eagailsí d’á ndaing­iniú sa chreid­eamh agus ag dul i líon­mhaire gach lá.

6Agus nuair a bhíodar ag gabháil tré chrích Phrigia agus Ghalatia do chosg an Spioraid Naomh iad ar bhriathar Dé do labhairt i n‑Ásia. 7Agus nuair a thánadar isteach i Misia chuir­eadar chun dul isteach i mBitinia ach níor leog Spioraid Íosa dhóibh dul ann. 8Ach tar éis gabháil tré Mhisia chuadar síos go Tróas.

9Agus do taisbeánadh aisling do Phól sa n‑oidhche; fear ó Mhace­donia n‑a sheasamh, agus é ’ghá ghuidhe, agus deireadh sé: Tar anall go Macedonia agus cabhruigh linne. 10Agus nuair a chonnaic sé an aisling do cheap­amair láith­reach dul go Macedonia mar bhíomair deimhnigh­theach go raibh glaoidhte ag Dia orainn chun craobh­sgaoile déanamh dóibh.


11Chuamair ar luing, ceann Ar aghaidh ó Tróas go dtánamair go Samotrácé, agus go Neápolis an lá ’n‑a dhiaidh san, 12Agus as san go Philippi, príomh­chathair sa chuid sin de Mhace­donia agus cathair daoine iasachta. Thugamair rainnt laethanta sa chathair sin, i gcómh­airle.

13Agus lá na sabbóide chuamair amach an geata i n‑aice abhan, mar ar samhluigh­eadh úr­nuighthe bheith ar siúbhal, agus do shuidh­eamair ann agus bhíomair ag cainnt le mnáibh a bhí cruinn­ighthe ann. 14Agus bhí bean acu agus Lídia ab ainim di agus bhíodh sí ag díol purpuir i gcathair na dTiatí­rénach, agus bean diadha ab eadh í. D’airigh sí an chainnt agus d’osgail an Tighearna a croidhe chun go n-éistfeadh sí le n‑a raibh ag Pól d’á rádh, 15Agus do baisteadh í féin agus a teaghlach, agus ansan d’iarr sí nídh: Má ’sé bhur meas (ar sise) go bhfuil­imse dílis do’n Tighearna tagaid isteach am thigh agus fanaidh ann. Agus chuir sí fhiach­aibh orainn dul.

16Agus do thárla, agus sinn ag dul chun úrnuighthe, go dtáinig ar an slighe rómhainn cailín n‑a raibh spior-