Page:Gníomhartha na n-Aspol.djvu/55

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
Caib. XVI. 17
335
Gníomhartha na n‑Aspol

aid phútónach[* 1] inti. Agus do gheibh­eadh sí mórán saidh­bhris do’n mhuinntir go mba leó í, ag tabhairt feasa uaithi. 17Agus do lean sí Pól agus sinne, agus í ag liúirigh agus deireadh sí: Seirbhís­igh do’n árd-Dhia iseadh na fir sin, agus táid siad ag innsint slighe bhúr slánuigh­the dhaoibh. 18Bhí sí ’ghá dhéanamh san ar feadh mórán laethanta. Do ghoill san ar Pól agus d’iompuigh sé agus dubhairt sé leis an spioraid: Deirim leat, i n‑ainim Íosa Críost, imtheacht amach aisti. Agus d’imthigh, an uair chéadna.

19Ansan, nuair a chonnaic an mhuinntir go mba leó í go raibh deire le n‑a súil leis an saidh­bhreas, do rugadar ar Phól agus ar Shílas agus do thugadar leó iad go h‑áit an mhargaid, i láthair na n‑uachtarán. 20Agus chuir­eadar i láthair na ngiúis­tísí iad agus dubhradar: Iúdaígh iseadh na daoine seo, agus táid siad ag cur na catharach tré n‑a chéile orainn. 21Agus tá nós acu dá theagasg nách dleagh­thach dúinne a ghlacadh, mar is Rómhán­aigh sinn. 22Agus do chruin­nigh an pobul ’n‑a gcoinnibh, agus do stracadh a gcuid éadaigh, agus d’órduigh [1]na giúistísi gabháil de shlataibh ortha. 23Agus do buaileadh mórán buillí ortha agus ansan do cuireadh i bpríosún iad, agus dubhradh le fear an phríosúin iad a chimeád go maith. 24Agus nuair a fuair sé sin an t-órdú san do chuir sé sa charcair ba shia isteach iad agus a gcosa daingean i gceap adhmaid.

25I lár na h‑oidhche, ámhthach, bhí Pól agus Sílas ag déanamh úrnuigh­the agus ag moladh Dé, agus bhí na príosún­aigh ag éisteacht leó. 26Agus go h‑obann do tháinig luasgadh talmhan i dtreó go raibh fallaí an phríosúin d’á suathadh go bun. Ansan, siúd na geataí go léir ar osgailt agus na ceangal­acha sgaoilte de sna phríosúnaigh go léir. 27Do dhúisigh fear cimeádta an phríosúin as a chodhla agus nuair a chonnaic sé dóirse an phríosúin ar osgailt cheap sé go raibh na príosún­aigh imighthe agus tharraig sé a chlaidh­eamh as a thruail chun é féin a mharbhadh. 28Do liúigh Pól air, ámhthach, do ghuth

  1. 2 Cor. xi. 25; Phil. i. 13; 1 Tess. ii. 2.
  1. .i. spioraid feasa agus fáistine, mar dh’eadh.