Page:Gníomhartha na n-Aspol.djvu/53

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
Caib. XV. 34
333
Gníomhartha na n‑Aspol

a chuir uatha iad. 34Ach do shocar­uigh Sílas ar fhan­mhaint ann agus chuaidh Iúdás i n’aonar thar n‑ais go Ierú salem.


35Agus d’fhan Pól agus Barnabas i n‑Antioch, ag teagasg agus ag craobh­sgaoile bréithir an Tighearna, mar aon le mórán eile daoine. 36Ansan, tar éis rainnt laethanta dubhairt Pól le Barnabas: Iompuigh­mís agus tugaimís cuaird ar na bráithribh, tré sna cath rachaibh go léir ionar chraobh­sgaoileamair briathar an Tighearna, féachaint conas atá an sgéal acu. 37Ach ba mhian le Barnabas Eoin, ar a dtugtí Marcus, do bhreith leis. 38Dubhairt Pól, ámhthach, nár cheart dóibh an duine sin a ghlacadh, (mar gur imthigh sé uatha i bPam­philia [1]agus nár chuaidh sé sa n‑obair leó). 39Agus bhí eas­aontacht ann i dtreó gur sgaradar le n‑a chéile, agus chuaidh Barnabas ar luing go Cuprus agus do rug sé Marcus leis.

40Agus do rug Pól Sílas leis agus ghluais sé chun siúbhait, agus chuir na bráithre fé chomairce ghrásta Dé é. 41Agus shiúbh­luigh sé Siria agus Cilicia, ag cur misnigh ar na h‑eagail­síbh, agus ’ghá rádh leó aitheanta na n‑Aspol agus na seanóirí do chimeád.


Caibidiol XVI.

Tugann Pól cuaird na n‑eagailsí. Glaodhtar é chun sean-móinighthe i Macedonia. Sgiúrsáltar é i bhPhil­ippí.

1Agus tháinig sé go dtí Derbé agus go dtí Listra. Agus féach, bhí sa n‑áit sin deis­giobul dár bh’ ainim Tímoteus, mac do mhnaoi Iúdach n‑a raibh an creideamh aici, agus d’athair ghein­teach. 2Thug na bráithre a bhí i Listra agus i n‑Icónium teisti­méireacht mhaith ar an bhfear san. 3ba mhian le Pól an fear san do dhul leis féin, agus dhein sé tímpall­ghearradh air mar gheall ar na Iúdaígh a bhí ins na h‑áitean­aibh sin. Óir dob eól dóibh go léir gur ghein­teach a athair. 4Agus ag gabháil

  1. Supra xiii. 13.