Page:Gníomhartha na n-Aspol.djvu/52

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
332
Caib. XV. 23
Gníomhartha na n‑Aspol

dtugtí Barnabas, agus Sílas, fir thosaigh imeasg na mbráithre, 23Agus go gcurfí an sgríbhinn seo ar a lámhaibh:

Ó sna h‑Aspuil, agus ó sna seanóirí, na bráithre, chun na mbráthar ngein­teach atá i n‑Antióch agus i Siria agus i gCilicia, ag beannúghadh dhóibh. 24Toisg gur airígh­eamair go ndeagh­aidh daoine amach uainne agus gur chuir­eadar buaireamh oraibhse, ag suathadh bhur n‑aigne te neithibh nár órduigh­eamairne, 25Do thánamair i bhfochair a chéile agus do shocar­uígh­eamair ar fhearaibh do thogha agus do chur chúghaibh i n‑aon­fheacht le n‑ár gcáirdibh ionmhuine Barnabas agus Pól, 26Fir a thug a n‑anam ar son ainime ár dTigh­earna Íosa Críost. 27Tá curtha uainn againn, d’á bhrígh sin, Iúdás agus Sílas agus neosfaid siad san daoibh ó bhéal, na neithe céadna. 28Is toil leis an Spioraid Naomh agus linne gan a thuille ualaigh do chur oraibhse ach an méid seo atá riacht­anach .i., 29Ná h‑íosfaidh sibh neithe do h‑ídh­bhreadh d’íomhágh­thibh, ná fuil, ná feóil a tachtadh, agus go staon­faidh sibh ó dhrúis. Má dhéineann sibh an méid sin beidh an sgéal go maith agaibh. Slán libh.”[1]

30Ansan do cuireadh iad-san chun siubhail agus chuadar síos go h‑Antioch, agus chruinnígheadar an pobul agus thugadar uatha an sgríbhinn, 31Agus nuair a léigheadh é bhí áthas ortha mar gheall ar an sólás. 32Ach fáidhí ab eadh Iúdás agus Sílas féin agus dhein­eadar mórán cainnte leis na bráith­ribh agus thugadar mórán sólás dóibh agus mórán misnigh. 33Ansan d’fhanadar ann rainnt aimsire agus ’n‑a dhiaidh san do chuir na bráithre chun siubhail iad go síothach ag triall ar an muinntir

  1. Ver. 29. “Ná fuil, na feóil a tachtadh.” Neithe iad san a bhí neamhdhíobhálach ionta féin ach do coisgeadh an uair sin iad i dtreó gur bh’usaide na Iúdaígh do mhealladh chun cómh­luadair leis na geintibh agus tathaighe thabhairt do sna geintibh ar bheith freagar­thach. Níor lean an cosg ach tamall, ámhthach, agus tá sé imighthe le fada riamh, go mór mór a h‑eagail­sibh an taoíbh thiar de’n Eúróip.