Page:Gníomhartha na n-Aspol.djvu/51

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
Caib. XV. 8
331
Gníomhartha na n‑Aspol

tSoisgéil agus do ghlac­faidís an creideamh. 8Agus Dia a chíonn an croidhe, thug sé fiadh­naise ’n‑a bhfábhar, mar[1] do thug sé an Spioraid Naomh dóibh fé mar a thug se dhúinne é. 9Agus níor dhein sé aon deifrígh­eacht idir sinne agus iadsan, mar do ghlan sé a gcroidhe leis an gcreid­eamh. 10Cad chuige dhaoibh, d’á bhrígh sin, bheith ag tathant ar Dia go gcuir­feadh sé ar mhuinéal­aibh na ndeis­giobul cuing nár fhéad ár n‑aith­reacha ná sinne a dh’iompar? 11Ach creidimíd go saorfar sinne, agus iadsan mar an gcéadna, tré ghrásta ár dTigh­earna Íosa Críost.

12Ansan d’fhan na daoine go léir ciúin agus bhíodar ag éisteacht le Pól agus le Barnabas ’ghá innsint cad iad na mír­bhúiltí uathbhásacha a bhí déanta ag Dia tríotha féin imeasg na ngeinte.

13Agus nuair éisteadar d’fhreagair Séamus agus dubhairt sé: A fheara, a bhráithre, éistidh liom. 14Tá innste ag Símón conus mar a dh’fhéach Dia ar dtúis ar na geintibh chun go dtógfadh sé asta pobul d’á ainim féin. 15Agus tá cainnt na bfáidh ag teacht isteach leis sin, do réir mar atá sgríobh­tha: 16[2]Tar éis na neith sin fillfead agus cuirfead suas airís an taber­nacul so Dháibhid atá ar lár, agus deis­eóchad a bhfuil briste dhe, agus cuirfead ’n‑a sheasamh airís é, 17I dtreó go loirg­eóchaid an chuid eile de sna daoine an Tighearna, agus na geinte go léir, ’na bhfuil m’ainim dá ghlaodh­ach os a gcionn, adeir an Tighearna agus na neithe sin Aige ’á dhéanamh. 18Tá fios a oibre féin ag an dTigh­earna ó thusach an tsaoghail. 19Dá bhrígh sin isé mo bhreith­eamhantas-sa, gan buaireamh a chur ar na daoine atá iom­puighthe chun Dé as na geintibh. 20Ach sgríobh­adh chúcha, iad féin a sheach­aint ar thruail­liú íomhágh­thach, agus ar dhrúis, agus ar feóil thacht­aithe. agus ar fhuil. 21Óir tá ag Maois, ó’n sean-aimsir, i ngach cathair, daoine chun é d’fhógairt ins na sinagóg­aibh, [3]mar a léightear é gach sabbóid.

22Ansan do shocar­uigh na h‑Aspuil agus na seanóirí agus an eaglais go léir air go gcurfí go h‑Antioch, i n‑aon­fheacht le Pól agus le Barnabas, Iúdás ar a

  1. Supra x 45
  2. Amos ix. 11.
  3. Supra xiii. 27.