Page:Gníomhartha na n-Aspol.djvu/50

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
330
Caib. XIV. 26
Gníomhartha na n‑Aspol

a bhí críoch­nuighthe acu. 26Agus nuair a thánadar ann chruin­nigheadar an eaglais agus d’innseadar na neithe móra a dhein Dia tríotha, agus conus mar a dh’osgail sé dorus an chreidimh do sna geintibh. 27Agus d’fhanadar aimsir nár gheárr i bhfochair na ndeis­giobul.


Caibidiol XV.

Aighneas i dtaobh tímpallghearradh. Cinneadh cómhairle Ierú­saleim agus a leitir.

1Agus tháinig daoine áirithe anuas ó Iúdaéa agus bhíodar ag teagasg na mbráithre: Mura ndéanfar tímpall­ghearradh oraibh (ar siad) do réir dlíghe Mhaoise ní féidir bhúr slánú. 2Chuir Pól agus Barnabas ’n‑a gcoinnibh agus ní go lag é. Ansan do shocar­uigheadar ar Pól agus Barnabas, agus raint daoine ó’n dtaobh eile, do dhul go dtí na h‑Aspuil agus na sagairt a bhí i n‑Ierúsalem, i dtaobh an sgéil. 3Ansan do chuir an eaglais chun siubhail iad san agus thánadar tré Phoenicé agus tré Shamaría agus iad ’ghá innsint conus mar a bhí na geinte ag iompáil, agus chuir­eadar áthas mór ar na bráith­ribh go léir.

4Agus nuair a thánadar go Ierúsalem bhí fáilte rómpa ag an eaglais agus ag na h‑Aspuil agus ag na seanóir­íbh, agus iad ’ghá innsint cad iad na neithe móra a bhí déanta ag Dia tríotha. 5Ach d’eirigh cuid d’aicme na bhFairi­síneach, a bhí tar éis an chreidimh a ghlacadh, agus dubhradar: Ní fuláir tímpall­ghearradh do dhéanamh ortha agus a chur fhiach­aibh ortha dlígh Mhaoise chimeád.

6Ansan do tháinig na h‑Aspuil agus na seanóirí i gceann a chéile chun an sgéil sin a bhreith­niú. 7Do deineadh mórán aighnis. Ansan d’eirigh Peadar agus dubhairt sé leo: [1]A feara, a bhráithre, is eól daoibh conus mar a dhein Dia toghadh eadrainn fadó gur as mo bhéal-sa do chlois­feadh na geinte briathar an

  1. Supra x. 20.