Page:Gníomhartha na n-Aspol.djvu/10

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
290
Caib. I. 7
GNÍOMHARTHA NA N-ASPOL

an méid a bhí i bhfochair a chéile dhíobh do chuir­eadar ceist chuige agus dubhradar: A Thigearna, an sa n‑aimsir seo a thabhar­fair an rígheacht thar n‑ais d’Israél? 7Ach dubhairt sé leó: Ní h‑agaibhse atá fios d’fhághail ar na h‑aimsiribh ’ná ar na tráth­anaibh a chimeád an t‑Athair fé n‑a chómhacht féin. 8[1]Ach glacfaidh sibh neart an Spioraid Naoimh ag túir­liocan ionaibh, [2]agus beidh sibh i nbhúr lucht fiadh­naise dhómhsa i n‑Ierúsalem agus i n‑Iudéa go léir agus i Samaría, agus go h‑imeall an domhain ar fad.

9Agus nuair a bhí an chainnt sin ráidhte aige do tógadh suas é os cómhair a súl agus do ghlac sgamall as a radharc é. 10Agus an fhaid a bhíodar ag féachaint air agus é ag imtheacht suas ar neamh, féach, bhí beirt fhear ’n‑a seasamh ’n‑a n‑aice agus éadach geal ortha, 11Agus dubhradar: A fheara Ghaili­liacha, cad ab áil libh i nbhúr seasamh ag féachaint suas chun neimhe? Íosa so atá tógtha suas ar neamh uaibh, tiocfaidh sé ar ar gcuma gcéadna, fé mar a chonac­abhair ag dul suas ar neamh é.

12Ansan do thánadar thar n‑ais go Iérúsalem ó’n gcnuc ar a dtugtar Olibhet, cnoc atá i ngior­racht siubhal lae sabbóide do Ierúsalem. 13Agus nuair a thánadar isteach chuadar suas go dtí an seómra uach­tárach mar a raibh Peadar agus Eóin ag fanmhaint, agus Séamus agus Aindrias, Pilib agus Tomás, Barto­lomaeus agus Maitiú, Séamus Alphéis agus Símón Sélotés agus Iúdás mac Séamuis. 14Bhíodar san go léir ag lean­mhaint do thoil a chéile i n-úrnuigh­the mar aon leis na mnáibh agus le Muire Máthair Íosa agus le n‑a bhráith­ribh.

15Ins na laethibh sin d’eirigh Peadar ameasg na mbráithre agus dubhairt sé, (agus bhí tímpall le céad agus fiche duine cruin­nighthe ann): 16A fheara, a bhráithre, ní foláir cómh­líonadh an Scrip­tiúra do thargair an Spioraid Naomh tré béal Dáibhid [3]i dtaobh Iúdáis, an fear a threór­uigh an muinntir a ghaibh Íosa, 17an fear a h‑áirimh­eadh orainne agus go raibh páirt aige sa t‑seirbhís