Gníomhartha na n‑Aspol
Caibidiol I.
1Do dheineas an chéad chainnt, a Theophiluis, ar na neithibh go léir a thusnuigh Íosa ar dhéanamh agus ar theagasg, 2Go dtí an lá nar deasgabháladh é tar éis a aitheanta thabhairt do sna h‑Aspolaibh a thoigh sé, tríd an Spioraid Naomh.
3Agus tar éis é féin a thaisbeáint beó dhóibh i ndiaidh a pháise, le mórán dearbhuithe, i gcaitheamh dachad lá, ’ghá thabhairt féin le feisgint dóibh agus ag labhairt leó ar rígheacht Dé.
4Agus d’ith sé bia ’n‑a dteannta [1]agus d’órduigh sé dhóibh gan imtheacht a’ Ierúsalem ach fanmhaint le geallmhaint an Athar, an gheallmhaint, (ar seisean) [2]a chloiseabhair ó m’ béal-sa: 5Gur dhein Eóin baiste le h‑uisge ach go ndéanfar sibhse do bhaiste leis an Spioraid Naomh laistigh de bheagán laethanta. 6Agus