Page:Gníomhartha na n-Aspol.djvu/11

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
Caib. I. 18
291
Gníomhartha na n‑Aspol

seo. [1]18Do fuair an fear san talamh le tuarasdal a dhroch-ghnímh, agus do crochadh é agus do sgoilt air ’n‑a lár agus do thuit na h‑inní go léir amach as. 19Agus tháinig fios an nídh sin d’a bhfuil de dhaoine i n‑Ierúsalem, i dtreó gur tugadh ar an bpáirc sin, ’n‑a dteangain sin, “Haceldama,” ’sé sin, páirc na fola. 20Agus tá sgríobh­tha i leabhar na Salm: [2]“Deinteair fásach d’á n‑áit cómh­nuighthe, agus ná bíodh duine a dhéan­faidh cómh­nuighe ann,” agus, [3]“Tugtar a chathaoir easboig do dhuine eile.” 21Ní foláir d’á bhrígh sin, as na fearaibh seo atá i gcómh­luadar linne i gcaith­eamh na h‑aimsire go léir ’na raibh an Tighearna Íosa isteach agus amach i n‑ár measg, 22Ag tusnú ó’n mbaiste a dhein Eóin go dtí an lá do tógadh suas uainn é, duine acu san do bheith i n’fhínné ar a ais­eirighe i n‑aon­fheacht linne.

23Ansan do shocar­uighdar ar bheirt, ar Ióseph ar a dtugtí Barrabas agus go mba shloinne dhó Iústus, agus ar Mhaitias. 24Agus dhein­eadar úrnuigh­the agus dubhradar: Déinse, a Thigh­earna, ó’s agat atá fios croidhe gach duine, a thais­beáint cia’cu de’n bheirt seo is rogha leat, 25Chun go nglacfadh sé an t‑inead seirbhíse agus aspol­achta so do chaill Iúdás, ionus go raghadh sé i n’ áit féin. 26Ansan do chuir­eadar ar chrann­aibh dóibh é, agus do thuit an crann ar Maitias agus do h‑áirimeadh é i dteannta an aoinne-déag Aspol.


Caibidiol II.

An Spioraid Naomh dá ghlacadh ag na deisgio­bulaibh. An tseanmóin a thug Peadar uaidh do’n phobul. Cráibh­theacht na ndaoine do ghlac an creideamh ar dtúis.

1Agus nuair a críoch­nuigheadh laethanta na Cíngcíse bhiodar go léir i n‑aon­fheacht i n‑aon áit amháin, 2Agus tháinig go h‑obann fuaim ó neamh mar bheadh fuaim gaoithe móire ag teacht agus do líon sé ar fad an tigh ’na rabhdar ’n‑a suidhe. 3Agus do tais­beánadh dóibh mar bheadh teang­thacha teine agus iad deighilte, agus

  1. Mait. xxvii. 7.
  2. Salm. lxviii. 26.
  3. Salm. cviii. 8.