Page:Gníomhartha na n-Aspol.djvu/12

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
292
Caib. II. 4
GNÍOMHARTHA NA N‑ASPOL

do shuidh sé ar gach duine acu, [1]4Agus do líonadh iad go léir de’n Spioraid Naomh agus chromadar ar labhairt i dteang­thachaibh iolardha, fé mar a thug an Spioraid Naomh dóibh labhairt.

5Agus bhí ’n‑a gcómh­nuidhe i n‑Ierúsalem Iúdaigh, daoine diadha as gach náisiún fé’n spéir. 6Agus nuair a leath an sgéal san do chruin­nigh na daoine agus bhí mearathal aigne ortha, mar d’airigh gach duine acu a theanga féin acu-san dá labhairt. 7Agus bhí uathbhás ortha go léir agus iad ag déanamh iongna, agus deiridís: Féach, nách Gaili­liaigh iad san go léir atá ag cainnt? 8Agus conus a thárla gur airigh gach duine againne a theanga dhúchais féin ionar tógadh é? 9Pártaigh agus Médaigh agus Elamítigh, agus lucht cómh­nuighthe Mheso­potámia, Iúdaéa agus Chapa­dócia, Pontuis agus Ásia, 10Phrigia agus Pamphilia, na h‑Éigipte agus n‑a gcríoch san Libia atá tímpall ar Chiréné, agus daoine iasachta ó’n Róimh, 11Iúdaígh leis agus prosei­lítigh, Créi­teacha agus Arabaigh; d’airigh­eamáir iad ag labhairt i n‑ár dteang­thachaibh féin ar oibrea­chaibh iongan­tacha Dé. 12Agus bhí uathbhás ortha go léir agus iad ag déanamh iongna agus deiridís le n‑a chéile: Cad é seo mar obair? 13Agus bhí tuille acu ag déanamh magaidh agus deiridís: Lán d’fhíon nua atáid siad san.

14Ansan d’eirigh Peadar ’n‑a sheasamh, agus an t‑aoinne déag taoíbh leis, agus d’árduigh sé a ghlór agus do labhair sé leó: A fheara Iúdacha agus sibhse go léir, a lucht comh­nuighthe Ierúsalem, bíodh ’fhios agaibh an méid seo, agus glacaidh i nbhúr gcluas­aibh mo chainnt! 15Mar ní h‑ar meisge atáid siad so, mar is dóigh libhse, óir ní’l tagaithe ach an trímhadh tráth de’n lá. 16Ach sidé an nídh a dubhradh ó bhéal an fháidh [2]Ióél: 17"Agus tiocfaidh ins na laethibh déanacha, adeir an Tighearna, doirtfead as mo Spioraid ar gach feóil, agus déanfaid bhúr gclann mhac agus bhúr gclann inghean targair­eacht, agus cídhfid bhúr bhfir óga aislingí, agus déanfar

  1. Mait. iii. 11; Marc. i. 8; Lúc. iii. 16; Eóin vii. 39; Supra i. 8; Infra 16 agus xix. 6.
  2. Ióél ii. 28; Isáias xliv. 3.