Page:Gníomhartha na n-Aspol.djvu/17

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
Caib. III. 23
297
Gníomhartha na n‑Aspol

pé rud a labhar­faidh sé libh. 23Agus beidh so, gach aon duine ná h‑éistfidh leis an bhfáidh sin ídeofar as an bpobul é. 24Agus na fáidhe go léir a labhair, ó Shamuél anuas, do thargair­eadar na laethanta san. 25Is sibhse clann na bhfáidh agus clann na connartha a dhein Dia le n‑ár n‑aithrea­chaibh nuair a dubhairt sé le h‑Ábraham: [1]“Agus ad shíolsa iseadh do beannófar clanna an domhain go léir.” 26Chúgh­aibhse ar dtúis, chun sibh a bheannú, iseadh chuir Dia a Mhac, nuair a thóg sé suas é, ionus go n‑iompó­chadh gach duine é féin ó n‑a dhroch-bhear­taibh.


Caibidiol IV.

Gabháil Pheadair agus Eóin. A seasamh­acht. An Eaglais dá méadú.

1Agus an fhaid a bhíodar ag cainnt leis na daoine tháinig na sagairt agus oificeach an teampuil agus na Saddui­cínigh, 2Agus doilghíos ortha toisg iad a bheith ag teagasg an phobuil agus ag craobh­sgaoile na h‑ais­eiríghe ó sna mairbh i n‑Íosa. 3Agus chuir­eadar a lámha ortha agus chuir­eadar i bpríosún iad go maidin lár n‑a mháiréach, óir bhí sé n‑a thráth­nóna an uair sin. 4Ach do chreid a lán de sna daoine a bhí ag éisteacht leis an gcainnt agus b’é uimhir na bhfear ná chúig mhíle.

5Agus do thára ar maidin lár n‑a mháireach gur chruin­nigh a n‑uachtar­áin agus a seanóirí agus a sgríbh­neóirí i n‑Ierúsalem, 6Agus Annas an t‑árd­shagart, agus Caiphas, agus Eóin, agus Alec­sandar, agus gach ar bhain le treibh ns sagart. 7Agus chuir­eadar iad-san i láthair agus cheistigh­dar iad: Cad í an chómacht nú an ainim le n‑ar dheinea­bhairse an nídh seo? 8Ansan do líonadh Peadar leis an Spioraid Naomh agus dubhairt sé leo: A uachtar­ána an phobuil agus a sheanóiri, éistidh liom: 9Ó táimídne indiu d’ár gceistiú i dtaobh, na maitheasa a deineadh do’n mhairtín­each so, conus do leigh­seadh é. 10Bíodh ’fhios agaibh go léir, agus ag pobul Israéil go

  1. Gen. xii. 3.