Page:Gníomhartha na n-Aspol.djvu/18

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
298
Caib. IV. 11
GNÍOMHARTHA NA N‑ASPOL

léir, gur i n‑ainim ár dTigh­earna Íosa Críost ó Nasaret, an t‑é a chuir­eabhairse chun báis, agus a thóg Dia ó sna mairbh, gur i n’ainim sin atá an duine sin ’n‑a sheasamh os bhúr gcómhair ’n‑a shláinte. [1]11Is í seo an chloch úd a fuair diúltadh uaibhse, sa tsaoir­seacht, agus gur deineadh cloch chínn chúinne dhi, Agus ní’l slánú i n‑aoinne eile. 12Óir níor tugadh do dhaoine ainim eile fá neamh le ’na gcaithfar sinn a shábháil.

13Ansan, nuair a chonnac­adar Peadar agus Eóin agus iad chómh seasamh­ach, agus nuair a fuaradar gur dhaoine iad a bhí gan tabhairt suas, gan foghluim, bhí iongna ortha; agus d’aithnígh­dar iad, go mbídís i bhfochair Íosa; 14Agus nuair a chonnac­adar ’na sheasamh ’n‑a n‑aice an fear a leigh­seadh, ní raibh focal le rádh acu ’n‑a gcoinnibh. 15Dubhradar leó dul amach, lasmuigh de’n chómh­airle, agus dhein­eadar cainnt eatartha féin, 16Agus dubhradar: Cad a dhéanfam leis na daoine seo? Tá mírbhúilt shoiléir déanta tríotha, agus a fhios agá bhfuil de dhaoine i n‑Ierúsalem, agus ní féidir dúinn é shéanadh. 17Ach i dtreó ná leathfadh sé níos mó ameasg na ndaoine bagraimís pionós ortha má labhraid siad a thuille le h‑aon duine ar an ainim sin. 18Do ghlaodh­adar chúcha iad agus thugadar foláramh dóibh gan cainnt ’ná teagasg a dhéanamh i n‑aon chor i n‑ainim Íosa. 19Ansan do fhreagair Peadar agus Eóin agus dubhradar: Breith­nighidh féin cia’cu is ceart i láthair Dé, rud a dhéanamh oraibhse ’nú rud a dhéanamh ar Dhia. 20Óir ní féidir dúinn gan ar nídh a chonnac­amair agus a chlois­eamair a dh’innsint. 21Ach do bhagradar-san pionós ortha agus chuir­eadar chun siubhail iad, óir ní raibh fhios acu conus a dhéan­faidís díoltas ortha, mar gheall ar na daoine, mar bhí na daoine go léir ag moladh ar ruda a thárla, sa méid a deineadh. 22Mar, an duine gur deineadh an mhír­bhúilt sláinte sin dó, bhí sé os cionn dachad blian.

23Agus nuair a cuireadh chun siubhail iad thánadar chun a ndaoine féin agus d’innseadar dóibh gach a ndubhairt uachtar­áin na sagart agus na seanóirí leó. 24Agus nuair

  1. Salm. cxvii. 22; Isaias xxviii 16; Mait. xxi. 42; Marc. xii. 10; Lúc. xx. 17; Rómh. ix. 32; Pead. ii 7.