Page:Gníomhartha na n-Aspol.djvu/21

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
Caib. V. 14
301
GNÍOMHARTHA NA N‑ASPOL

leó, ach do thug an pobul onóir dóibh. 14Agus bhí na daoine a chreid sa Tighearna, fir agus mná, ag dul i n‑iomad­amhlacht go mór, 15I dtreó gur amach ar na sráidibh, ar thocht­aibh agus ar shúsaíbh, a curtí na daoine breóite, ionus, nuair a bheadh Peadar ag teacht, dá mba ná déanfadh ach a sgáil tuitim ar dhuine acu go léighisfí ó n‑a mbreói­teacht iad. 16Agus bhíodh slóighte ag teacht go Ierúsalem as na cathra­chaibh sa chómharsa­nacht agus daoine breóite acu ’á thabhairt leó, agus daoine a bhíodh dá gcrádh ag deamh­naibh, agus do leithistí iad go léir.

17Ansan, d’eirigh an t‑árd­shagart agus gach a raibh i n’fhochair (b’iad san aicme na Saddu­cíneach), agus iad lán de thnúth, 18Agus chuir­eadar a lámha ar na h‑Aspoil agus chuir­eadar sa phríosún puibi­lídhe iad. 19Ach d’osgail aingeal an Tighearna dóirse an phríosúin sa n‑oidhche agus do leig sé amach iad agus dubhairt sé: 20Im­thighidh, agus seasaigh­idh, agus labhraidh sa teampul, leis na daoine, bréithre uile na beatha so. 21Agus nuair airíghdar an chainnt sin chuadar isteach sa teampul go moch ar maidin agus bhíodar ag teagasg.

Agus ansan tháinig an t‑árd­shagart agus na daoine a bhí i n’fhochair agus chruinnígh­dar cómhairle, agus seanóirí clainne Israéil go léir, agus chuir­eadar fios ortha chun an phríosúin, go dtabharfí chúcha iad. 22Agus tháinig na teach­tairí agus d’osgladar an charcair agus ní bhfuar­adar ann iad, agus thánadar thar n‑ais agus d’innseadar san, 23Agus dubhradar: Fuaramair an charcair dúnta go cruinn agus an lucht coimeádta ’n‑a seasamh ag na dóirsibh, ach nuair a dh’osgal­amair an chaircair ní bhfuar­amair aoinne istigh. 24Nuair airigh oificeach an teampuil agus uachtar­áin na sagart an chainnt sin bhí iongna ortha cad a bhí imighthe ar na príosún­aigh. 25Le n‑a linn sin tháinig duine agus dubhairt sé leó: Féach, na fir úd a chuir­eabhair sa charcair táid siad n‑a seasamh sa teampul ag teagasg na ndaoine. 26Ansan d’imthigh an t‑oificeach agus na fir a bhí aige agus thug sé leis iad gan [* 1]éigean, óir bhí eagla na

  1. .i. Go breágh réidh.